Teach an Spidéil
Is mainéar stairiúil é Teach an Spidéil atá lonnaithe le taobh Abhainn Bholuisce. Tá baint aige leis an teaghlach mór le rá, na Muirisigh.
Tógadh an teach ar dtús go luath sa 19ú haois, agus tá meascán uathúil de stíleanna ailtireachta ann mar thoradh ar athchóirithe éagsúla, go háirithe an obair a dhear an t-ailtire cáiliúil William A. Scott.
Ba é seo an baile a bhí ag teaghlach na Muirseach ar feadh na gcéadta bliain. Bhain sé cáil amach go háirithe le linn réimeas an Tiarna Chill Ainín (Michael Morris ), iar-uachtarán an Choiste Oilimpeach Idirnáisiúnta.
Dúnmharú Molly Bunburry
Cheannaigh Thomas Bunburry teach cónaithe i dTeach an Mhainéara sa Spidéal, ar an suíomh ina bhfuil Eastát Tionsclaíochta Údarás na Gaeltachta suite sa lá atá inniu ann.
Sa bhliain 1844, d’éirigh le Thomas oifig phoist agus seirbhís phoist a bhunú sa gceantar. Bhí a bhean i mbun muilinn lín sa Spidéal sa bhliain 1855. Faoi 1864, bhí Thomas ina léasaí ar dhá bhaile fearainn sa gceantar.
Phós iníon leis, Mary Jane Bunburry, nó Molly Bunburry mar ab fhearr aithne uirthi, an Dochtúir Brodie as Luimneach ar an 11 Nollaig 1880. Bhí an Dochtúir Brodie 25 bliana níos sine ná í, agus ba í Molly an dara bean a bhí aige.
Tharla tragóid uafásach ina shaol in 1879 nuair a cailleadh a chéad bhean agus triúr clainne leis taobh istigh de sheachtain dá chéile.
Bhí an dara pósadh seo foréigneach, agus bhí an-dúil ag Brodie san ól, agus is cosúil gur bhagair sé go poiblí go maródh sé Molly.
I mí Iúil 1886, rinne sé amhlaidh, lámhaigh sé Molly san aghaidh agus í ag breathnú amach ar an bhfarraige trí theileascóp ina teach cónaithe i mBaile an tSagairt.
Níor shéan Brodie an marú, ach dúirt sé gur tharla sé agus é faoi thionchar an óil. Cuireadh Brodie chuig Tearmann Dhún Droma agus scaoileadh saor é tar éis cúig bliana. Ina dhiaidh sin, bhog sé go dtí an Afraic Theas agus phós sé don tríú huair.