Scéalta ón Saol mar a bhí

An Bóthar Buí

An Bóthar Buí (Pictiúr le Ellie Ristori).

An Bóthar Buí (Pictiúr le Ellie Ristori).

Tá an Bóthar Buí i gceartlár pharóiste an Chnoic, díreach taobh thoir de shéipéal an Chnoic agus cúpla céad slat siar ón siopa áitiúil, Siopa an Phobail.

Is bóthar díreach fada é agus is beag teach atá air ó fhágann tú na tithe ag íochtar an bhóthair go dtagann tú go dtí na 3 theach atá ag cloigeann thuas an bhóthair i Leitir Fir. Tá sé ar cheann de na bóithre is faide sa gceantar. Síneann sé 5 mhíle bóthair tríd An Cnoc, An Cnoc Theas, Seana Dhraighin agus Leitir Fir.

Tá stair dá chuid féin ag an mbóthar seo agus é ag síneadh suas ó Bhóthar an Rí. Is le linn an Ghorta Mhóir a tógadh an bóthar, agus bhí sé beartaithe ag an am go mbeadh sé ag ceangal Cois Fharraige le hUachtar Ard. Stop an obair ar an mbóthar nuair a tháinig deireadh leis an nGorta Mór.

Go deimhin, tá lorg an dearaidh fós le feiceáil agus é gearrtha amach as an sliabh i gceann thuas an bhóthair. Tugadh An Bóthar Buí mar ainm ar an mbóthar seo, mar gur mín bhuí an íocaíocht a bhí ag na fir a bhí ag obair air.

Tá sé ráite gur tógadh an bóthar ón Spidéal go Maigh Cuilinn nuair a stopadh ag tógáil an bhóthair seo, le go mbeadh ceangal cruthaithe idir Chois Fharraige agus an bóthar ó thuaidh atá ag dul ón gClochán go Gaillimh.

Is ar an mbóthar seo a tógadh ceann de na chéad fheirmeacha muilte gaoithe sa taobh seo tíre. Tá an-tóir ag daoine ar an mbóthar mar áis siúlóide agus rothaíochta.

Mol an Óige

le Ainnir Ní Choisdealbha

Le linn na 1980aidí bhí Club Óige Lurgan i mbarr a réime. Ba iad óige an cheantair idir 12 bliana agus 16 bliana ó Abhainn an Spidéil go dtí Abhainn Chromghlinne a bhíodh ag freastal air.

Is cinnte go raibh an-tóir ag muintir Chois Fharraige ar an gClub Óige agus timpeall 60 go 80 duine óg i gColáiste Lurgan gach Aoine. Beití agus Brian Ó Baoill, chomh maith le Ruaidhrí Ó Tuairisg, a bhíodh i bhfeighil an chlub. Thoghfaí coiste chuile bhliain agus cheapfaí na hoifigigh coiste.

Ba ghnách leo cruinniú míosúil a bheith acu i dteach mhuintir Uí Bhaoill ar an Teach Mór, cruinnithe a mhaireadh uaireanta fada an chloig. Thabharfaí deis do na daoine óga imeachtaí an chlub a stiúradh iad féin. B’fhada le chuile dhuine go mbíodh an club óige athoscailte tar éis briseadh an tsamhraidh.

Cuireadh béim ar imeachtaí spóirt ar nós sacar, leadóg boird, púl agus cluichí boird i gClub Óige Lurgan. Ba mhinic baill an chlub a bheith i mbun drámaíochta agus scoraíochta freisin le linn na bliana.

Bhí páirt an-ghníomhach ag an gclub in imeachtaí an phobail chomh maith. Thug siad faoi thionscnaimh ar nós glanadh na reilige agus taifeadadh físeáin ar phearsana áitiúla an phobail.

Bhíodh clubanna óige fairsing i gceantar Chonamara ag an am. Bhíodh club óige sa Spidéal, ar an Tulach, sa gCeathrú Rua, i Leitir Móir, i gCamas, i Ros Muc, i gCarna agus i gCorr na Móna.

Bhíodh ionadaíocht ag na clubanna seo i gComhchoiste Clubanna Chonamara. D’eagródh chuile chlub comórtas ar leith i rith na bliana agus d’fhreastalódh na clubanna eile ar na comórtais sin.

Is iad Club Óige Lurgan a d’eagródh comórtas leadóige boird, mar aon le comórtas fichille agus táiplise. Thagadh clubanna eile Chonamara le chéile i gColáiste Lurgan don ócáid seo. Chríochnófaí chuile cheann de na hoícheanta comórtais le dioscó mór.

Bhíodh ballraíocht ag Club Óige Lurgan in Ógras, óige-eagraíocht náisiúnta de chuid Chonradh na Gaeilge. Ghlac an club páirt gníomhach in imeachtaí Ógras a bhíodh ar siúl ar fud na tíre.

Ba iad cluichí Tailtin Ógras buaicphointe na bliana ina mbíodh clubanna ó fud fad na hÉireann ag glacadh páirte agus bhíodh réimse leathan cluichí ar siúl ann. Is iomaí turas thar lear a rinne an club le linn na mblianta seo freisin. Bhíodh nasc speisialta cruthaithe acu le hóige na Breataine Bige.

Bhain Club Óige Lurgan clú agus cáil amach sna 1980aidí agus thug siad deis d’óige an cheantair a bheith gníomhach ina bpobal féin chomh maith le spórt agus spraoi a bheith acu i dteannta a chéile. Thug Club Óige Lurgan brí don seanfhocal aitheanta: “Mol an Óige agus tiocfaidh sí”.

 

Page generated in 0.0817 seconds.