Suíomh Choláiste Chroí Mhuire
In 1853, tógadh foirgneamh sa Spidéal ar a tugadh an “Nead”, seo an láthair ar a bhfuil Coláiste Chroí Mhuire lonnaithe inniu. Bhí sé mar aidhm ag an ionad seo an Protastúnachas a chur chun cinn.
Bhí sé sách mór le freastal ar 150 páiste, chomh maith le háit chónaithe do na húdaráis. Ina theannta sin, bhí spás dídine ann do bhaintreacha agus do dhílleachtaí.
In 1920, dúnadh an “Nead”. Cheannaigh an fear gnó áitiúil Seán Ó Cúláin, Johnny Folan mar ab fhearr aithne air, an foirgneamh mar áit stórála. Úsáideadh an áit freisin mar theach cúirte ar feadh scaithimh ghairid.
In 1947, osclaíodh na doirse do dhaltaí, cailíní amháin. Rinneadh athchóiriú ar thrí sheomra ranga, halla d’eacnamaíocht bhaile, chomh maith le hionad tionóil agus caitheamh aimsire.
Ansin, ag deireadh na seascaidí, leagadh an “Nead” agus tógadh an foirgneamh atá in úsáid sa lá atá inniu ann. Osclaíodh an foirgneamh nua i mí Aibreáin 1973 nuair a tháinig an saoroideachas chun cinn.
Is ansin a thosaigh buachaillí ag freastal ar an scoil. Bhí Coláiste Chroí Mhuire ag feidhmiú mar scoil chónaithe go dtí 1998.
Albam The Waterboys
Rinne The Waterboys taifeadadh ar a n-albam Fisherman’s Blues i dTeach an Spidéil in 1988. Bhí cónaí orthu sna tithe saoire timpeall an bhaile i rith na tréimhse sin. Bhí Mike Scott, Trevor Hutchinson, Steve Wickham agus Anto Thistlethwaite mar bhaill den chroíghrúpa, agus bhí ceoltóirí eile páirteach freisin chun cabhrú leis na hamhráin a bhí á dtaifeadadh acu.
Chuir Brendan O’Regan, Máirtín O’Connor agus baill de De Danann leis an gceol chomh maith. Is é Fisherman’s Blues an t-albam is mó díol de chuid an bhanna, le breis agus 100,000 cóip díolta. Bhain sé stádas óir amach.
Séipéal Cill Éinde
Tháinig an tAthair Marcus D. Ó Conaire mar shagart paróiste go dtí an Spidéal in 1897. Chaith sé súil ar shéipéal an Spidéil agus bheartaigh sé séipéal nua a thógáil. Fostaíodh William Alphonsus Scott, ó 1871 go 1921, ealaíontóir agus ailtire óg, chun an séipéal a dhearadh.
Bhí dearadh Scott go hiomlán difriúil ón dearadh a bhí ar an séipéal a bhí sa Spidéal cheana féin. Ar an 18 Lúnasa 1907, coisriceadh Séipéal Chill Éinde, séipéal úrnua an Spidéil.
An Dá Chéibh
Tá dhá chéibh sa Spidéal. Tá seanchéibh ann a thóg Alexander Nimmo sna 1820idí, agus tá céibh níos nua ann a thóg an Tiarna Cill Ainín timpeall 1871.
Logainmneacha
Tá go leor bailte sa Spidéal ainmnithe i ndiaidh tiarnaí talún nó gníomhairí cíosa. Tá Baile Éamoinn ainmnithe i ndiaidh na mBlácach. Bhí na Blácaigh ar cheann de dhá threibh dhéag na Gaillimhe.
Logainm eile atá suimiúil ná Boluisce. Ciallaíonn both teach an-bheag suite ar an abhainn. Tar éis cogadh áitiúil, loisceadh an both agus tugadh an t-ainm Boluisce, Both Loiscthe, ar an gceantar, dar leis an mbéaloideas.