Cláraigh anois do Sheachtain na Gaeilge

Tá Conradh na Gaeilge ag ullmhú clár na Gaillimhe de Sheachtain na Gaeilge faoi láthair. Beidh Seachtain na Gaeilge 2011 ar siúl ón 5 – 17 Márta agus beidh na céadta imeacht ar siúl le linn na tréimhse sin agus na mílte duine ag glacadh páirte sna himeachtaí.

Mar is iondúil, beidh béim ar rannpháirtíocht an phobail ar fud chontae na Gaillimhe. Chuige sin tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar aon ghrúpa ar spéis leo páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge teagmháil a dhéanamh leo. Cuirfear tacaíocht ar fáil dóibh agus déanfar cinnte go mbeidh siad páirteach sa chlár agus go gcuirfear poiblíocht ar fáil dá gcuid imeachtaí roimh agus le linn na féile.

Is féidir eolas a chur ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, 45 Sr Doiminic, Gaillimh, (091 ) 567824 nó [email protected]

 

Page generated in 0.3356 seconds.