Tá luíochán na Samhna beagnach thart - Nollaig Shona!

Go traidisiúnta in Éirinn, cuireadh tús le himeachtaí ceiliúrtha na Nollag ar Lá Fhéile Mhuire gan Smál, ar an 8ú Nollaig. Bhíodh sé mar nós ag muintir na tuaithe dul ar oilithreacht go Sráid Grafton i mBaile Átha Cliath ar an lá seo le tús a chuir lena gcuid siopadóireachta don séasúr.

Deirtear i gcónaí go dtagann an Nollaig níos luaithe, agus níos luaithe chuile bhliain. Ar ndóigh, ní raibh aon eisceacht ann i mbliana nuair a cuireadh tús leis an scléip ag tús na Samhna.

D’fhéadfadh sé a bheith níos measa is dóigh. Léigh mé le déanaí go gcuirtear tús le ceiliúradh na Nollag ag tús Mhí Mheán Fómhair sna hOileáin Fhilipíneacha, (chuir an píosa eolais seo sceimhle orm, caithfidh mé a rá ).

Áfach, d’airigh mé cuíosach míshuaimhneach nuair a tháinig mé ar ais go Gaillimh an tseachtain théis Oireachtas na Samhna i mbliana agus gan mórán codlata faighte a’am an deireadh seachtaine roimhe.

Bhí mé i mo shuí go leochaileach ag an deasc, thuas staighre in oifigí an Advertiser, in aice leis an bhFaiche Mhór i lár an bhaile. D’fhéach mé amach an fhuinneog agus ar ndóigh, baineadh geit asam nuair a chonaic mé beirt ghasúr ag stánadh ar ais orm agus iad ag seasamh ar bharr an Helter skelter a cuireadh in airde do Mhargadh Nollag na Gaillimhe.

B’shin an uair a dtáinig an Nollaig aniar aduaidh orm gan choinne i mbliana - cineál luíocháin a bhí ann sílim. Caithfidh mé a rá nuair a cuireadh tús le Margadh na Nollag i mbliana, chuir sé an Chóiré Thuaidh [North Korea] i gcuimhne dom.

Tá nós ann i bPyongyang - príomhchathair na tíre sin - ceol aisteach, míshuaimhneach a chasadh ar maidin ar chóras fuaime a scaoileann amach fuaim thanaí ar dhroch-chaighdeán.

Tá córas fuaime mar seo in úsáid faoi láthair na huaire sa bhFaiche Mhór le ceol Mariah Carey agus a leithéidí a sheinnt - rud atá ceaptha cur go mór le hatmaisféar na háite, ach a chuireann isteach go mór ar an dream atá sáinnithe ann ag obair.

Ar ndóigh, i measc na mburgar agus na hot-dogs, tá go leor ann a chuireann go mór le hatmaisféar na Nollag cosúil leis an mBuckfast te atá le fáil nó na barraí seacláide atá ar díol le focail gháirsiúla scríofa orthu.

Buíochas le Dia, tá deireadh anois ag tíocht ar mhí damanta na Samhna, agus tá an Nollaig ag teannadh linn. Anois tá sé in am tús a chur leis an scléip agus an spleodar - le cupán mór Buckfast te ar ndóigh!

 

Page generated in 0.7351 seconds.