Tá an Scéim Forbartha Scríbhneoirí agus Scéalaithe Gaeltachta: Ag Scríobh don Scáileán á reáchtáil ag TG4, chun scríbhneoirí Gaeltachta a spreagadh agus a fhorbairt le bheith ag scríobh don scáileán.
Tá an scéim seo dírithe ach go háirithe ar scríbhneoirí, drámadóirí, filí agus scríbhneoirí eile i gceantair Ghaeltachta atá ag plé cheana féin leis na taibhealaíona agus ealaíona Gaeltachta chun iad a ghríosadh chun na meán.
Reáchtálfar an scéim in 2027 thar cúpla mí. Beidh ceardlanna, tacaíocht mheantóireachta, aoichainteoirí, deiseanna pitseála agus deiseanna cur isteach ar scéimeanna forbartha gearrscannán TG4 ar fáil mar chuid den scéim. Is é Greg Ó Braonáin a bheidh ina stiúrthóir ar an gcúrsa.
Tabharfaidh an cúrsa taithí phraiticiúil do na rannpháirtithe ar na gnéithe go léir a bhaineann le bheith ag scríobh don scáileán ó chumadh scéalta agus forbairt carachtar go struchtúr agus scríobh scripte. Tuigfidh siad na gnéithe atá ag teastáil chun scéal a fhorbairt don scáileán agus beidh script ghearr á scríobh acu don scáileán.
Tabharfar faoi script do ghearrscannán a fhorbairt le linn 6 cheardlann a áireoidh aoichainteoirí idirnáisiúnta, meantóireacht duine le duine do na scríbhneoirí, agus deis do ghearrscannán féin a phitseáil le TG4.
Le hiarratas a dhéanamh, seol litir iarratais agus físeán gearr atá taifeadta ar fhón chun tú féin a chur in aithne chuig [email protected] roimh an 11 Nollaig. Inis beagán fút féin agus cuir sampla d’ábhar atá scríofa agat cheana chugainn (dráma, lúibín, agallamh beirte nó píosa próis nó filíochta mar shampla ).