Tá an t-amhránaí Sinéad Ann, as Baile Átha an Rí, ag baint clú amach di féin i saol an cheoil neamhspleách in Éirinn lena stíl ailtéarnach agus lena hamhráin dhátheangacha.
Ó eisíodh a céad EP, Lemonzest, cúpla bliain ó shin, tá forbairt mhór tagtha ar a cuid ceoil agus ar a próifíl mar ealaíontóir neamhspleách.
Bhí an teanga agus an cultúr lárnach ina saol agus í ag freastal ar Choláiste an Eachréidh i mBaile Átha an Rí, áit ar thosaigh sí ag forbairt mar scríbhneoir agus amhránaí.
“D'fhreastail mé ar Ghaelcholáiste i mBaile Átha an Rí agus thug sé sin seans dom forbairt mar amhránaí is scríbhneoir nuair a bhí mé níos óige," a deir Sinéad.
“Thug comórtais cosúil le Scléip agus an tOireachtas seans dom amhráin a scríobh agus iad a chasadh os comhair daoine eile den chéad uair.”
D’éirigh thar barr léi sna comórtais sin agus bhuaigh sí Scléip faoi thrí sular bhain sí céim amach sa cheol nua-aimseartha ó BIMM i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2021.
Faoi láthair na huaire, tá Sinéad ag ullmhú don cheolchoirm Folk-ing Girl Power a bheidh ar siúl sa Róisín Dubh, ar an 5ú Nollaig - áit a mbeidh sí ag seinm in éindí lena cairde ceolmhara Cathy Shannon agus Bríd Kenny.
"Táimid ag iarraidh an gig seo a bheith againne chun spreagadh a thabhairt do mhná sa cheol."
"Tá aithne agamsa ar Bhríd, mar rinneamar an oíche mic oscailte sa Róisín Dubh blianta ó shin roimh Covid, agus rinne Cathy Shannon é sin freisin. Bíonn Cathy i gceannas ar an oíche chumadóireachta a bhíonn ar siúl i Monroe's an chéad Mháirt chuile mhí agus téimse chuige sin freisin."
Anuraidh, fuair Sinéad cúnamh ón Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí atá á reáchtáil ag Comhairle Contae na Gaillimhe chun an EP dátheangach Four Walls a thaifeadadh agus a eisiúint. Rinneadh an taifeadadh in Orphan Studios i Loch Garman i gcomhar leis an léiritheoir iomráiteach Gavin Glass.
Tá meascán de rac-cheol ailtéarnach, 'indie' agus tionchair thraidisiúnta le cloisteáil ar an EP, rud a léiríonn an fhorbairt nua atá tagtha ar a cuid ceoil.
Faoi láthair, tá Sinéad ag obair ar EP dátheangach nua freisin agus tá súil aici go n-eiseofar é go luath san athbhliain.
Mí Lúnasa na bliana seo freisin, ghlac sí páirt i gcomharghrúpa cumadóireachta i mBaile Átha an Rí leis an gcumadóir clúiteach Daire Mac Mághnuis, an Grey Lake String Quartet agus beirt scríbhneoirí amhrán eile.
Cuireadh cóirithe téaduirlisí lena gcuid amhrán agus tugadh léiriú poiblí den tionscadal i gCaisleán Bhaile Átha an Rí le tacaíocht ón gclár Éire Ildánach agus ón gComhairle Contae.
“Bhí sé an-suimiúil éisteacht leis an gcaoi gur féidir le hamhrán athrú le cóirithe difriúla,” a deir Sinéad. “Tá an comhoibriú chomh tábhachtach i dtionscadal an cheoil, agus cuireann sé go mór leis an amhrán.”
Cé go bhfuil rath ag teacht uirthi, bíonn Sinéad oscailte faoi na dúshláin a bhaineann le saol an cheoltóra neamhspleách in Éirinn faoi láthair.
“Nuair atá tú neamhspleách, tá ort an-chuid de d’airgead agus am féin a chaitheamh,” a deir sí. “Go minic caithfidh dhá phost a bheith agat chun an saothar a chruthú.”
Dar léi, bíonn easpa áiseanna agus ionaid cheoil ina mbac mór ar cheoltóirí óga atá lonnaithe taobh amuigh den phríomhchathair.
“Tá sé an-dúshlánach don dream atá lonnaithe faoin tuath mar shampla. Go bhfios dom níl ach seomra cleachta amháin i nGaillimh.”
“Agus tá na hionaid cheoil mhóra ar fad i mBaile Átha Cliath, caithfidh gach duine dul ann leis an slua a aimsiú.”
Síleann Sinéad freisin gurb iad an bhainistíocht agus an phoiblíocht na costais is mó atá roimh cheoltóirí neamhspleácha agus iad ag iarraidh lucht éisteachta nua a bhaint amach.
“Tá sé chomh daor,” a deir sí. “Mura bhfuil an t-airgead acu cheana féin, tá sé an-deacair do cheoltóirí óga bainisteoirí a íoc.”
“Baineann costais áirithe le taifeadadh agus léiriúchán ach má tá tú ag iarraidh do cheol a chur amach os comhair daoine, sin an rud is costasaí.”
Creideann Sinéad gur féidir leis an rialtas níos mó a dhéanamh chun tacú le healaíontóirí neamhspleácha agus leis an earnáil chruthaitheach taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.
Anuas air sin, bíonn sé dúshlánach do cheoltóirí comhaimseartha fanacht dílis dá n-ealaín i dtionscal atá an-dírithe ar an mbrabús. Is minic a chuirtear níos mó béime ar an stíl nó an íomhá in ionad an cheoil é féin.
Is féidir leis sin cur i gcéill áirithe a spreagadh i measc neart daoine sa tionscal, rud a chuireann frustrachas ar Shinéad.
“I gcónaí, tá suntas ag baint leis an gcaoi a mbreathnaíonn tú os comhair an lucht féachana,” a deir sí.
Mar sin, tá sé ríthábhachtach do Shinéad a bheith ionraic, neamhspleách agus dílis dá cuid fréamhacha le go mbeidh sí in ann ceol macánta, pearsanta a chruthú dá lucht éisteachta.
Beidh an cheolchoirm Folk-ing Girl Power ar siúl thuas staighre sa Róisín Dubh, Dé Sathairn, 5ú Nollaig ag 8in. Tá ticéid ar fáil ag roisindubh.net