Ó Chamus go Cill Airne

Labhraíonn buaiteoir Chorn Uí Riada, Rónán Ó Conghaile, le Sobal

“Tá duine ar bith in ann amhrán a chasadh ach más maith leat amhrán a chasadh go maith - le go mbeidh tú i mbróga an fhile - caithfidh do chroí a bheith ann.”

Déanann buaiteoir Chorn Uí Riada agus Chorn Shean-Nós na bhFear 2026, Rónán Ó Conghaile, cur síos ar an gcaoi ar thit sé i ngrá leis an amhránaíocht ar an sean-nós.

Ar ndóigh, tógadh Rónán i Leitir Móir na Coille, i gCamus - áit ar chuala sé neart amhráin agus é ina ghasúr ó chlann a mháthair Nóirín Mhichael Mháire an Ghabha, agus ó chlann a athar, John Tess Kelly, as an Máimín.

“Bhí amhráin, agus ceol, agus scéalta chomh lárnach agus is dóigh nuair a bhíodh mé ag foghlaim na n-amhrán seo ó mo sheanmhuintir, bhíodh mé á dhéanamh i mbealach a bhíodh chomh nádúrtha. Ní raibh muid ag tabhairt faoi deara go raibh muid ag foghlaim nuair a bhí muid,” a deir Rónán.

Forbairt an cheoltóra óig

Is léir go raibh an ceol lárnach i saol Rónáin agus é ina ghasúr ach déanann sé cur síos ar an gcaoi ar tháinig forbairt ar an gcaidreamh a bhí aige leis na hamhráin de réir mar a d’éirigh sé níos sine.

“Bhíodh mé ag dul ag an naíonra agus ag an scoil agus bhíodh na hamhráiníní beaga seo agam, agus cheap mé go raibh sé ag chuile chlann i ndáiríre. Níor leag mé suntas ar bith air go raibh mé ag fáil beagáinín níos sine ansin,” a mhíníonn sé.

“Thosaigh mé ag dul ag an meánscoil - amantaí sin é an t-am a thiteann daoine amach as grá leis, ach sin é an uair dáiríre píre a chuir mise níos mó suime ann. Thosaigh mé ag cur níos mó suime sna hamhráin fhada agus na hamhráin bhrónacha ar nós ‘Úna Bhán’, nó ‘Róisín Dubh’, nó ‘Anach Cuain’.”

“Thaitin na scéalta liom agus is dóigh go raibh níos mó tuisceana a’am, agus mé ag fáil níos sine freisin, don ghrá, nó don bhás, nó tragóid.”

Ar ndóigh bhí tionchar mór ag féile Oireachtas na Samhna ar Rónán agus é ina dhéagóir, mar thug sé deis dó éisteacht le hamhránaithe móra eile as Conamara. Is ag an bhféile seo a d’fhoghlaim sé cé chomh tábhachtach is atá sé d’fhonnadóirí a gcroíthe agus a n-anamacha a chur san amhrán atá a rá acub.

“Bhíodh mé ag dul chuig na hOireachtaisí agus bhíodh mé suite istigh i gCorn na bhFear, nó Corn na mBan, nó Corn Uí Riada agus bhíodh mé ag éisteacht leis na hamhráin seo,” a mhíníonn Rónán.

“Chuir mé suim sna fonnadóirí - abair leithéidí Bríd Ní Mhaoilchiaráin nó Josie Sheáinín Jack, go ndéana Dia grásta air. Agus bhíodh mé ag rá liom féin, tá siad istigh san amhrán a bhíodar á gcasadh.

“Ní bhfuair mé amhrán ar chor ar bith go raibh mé ocht mbliana déag agus tharla sé sin dom - gur airigh mé go raibh mé istigh san amhrán. Tá mé ag ceapadh nuair a fuair mé blas dó sin choinnigh mé orm ansin ag foghlaim na hamhráin mhóra.”

Ó ghlúin go glúin

Is léir go dtuigeann an fear as Camus go bhfuil sé páirteach i dtraidisiún a thagann anuas ó ghlúin go glúin ach tá sé sásta go bhfuil an amhránaíocht ar an sean-nós slán.

“Airím dualgas ach ní airím brú. Bród a airím thar rud ar bith eile,” a deir Rónán.

“Tugaim faoi deara go mór mór i gConamara, tá bród ag an dream óg. Tá siad chomh bródúil do na hamhráin seo a bhí ag a gcuid seantuismitheoirí. Tá mé ag ceapadh gurb é an bród sin atá ag cur iallach orthu fiú véarsa amháin d’amhrán a fhoghlaim.

“Dá mbeadh siad ag pósadh, nó ag baisteadh, nó ag sochraid áit ar bith, agus go n-iarrfadh duine ar bith orthu amhrán a chasadh, chasfaidís é. Fiú má deir daoine nach bhfuil glór maith acu fós, tá amhrán acu.”

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an teagmháil seo idir na glúinte fíor-thábhachtach do Rónán. Tríd an agallamh, luann sé amhránaithe móra le rá a bhí gaolta leis cosúil lena dhaideo Michael Mháire Ghabha ar thaobh a mhaime, agus a mhamó Tess Bean Uí Chonghaile ar thaobh a dhaide.

Déanann Rónán cur síos freisin ar chomhrá a bhí aige lena mhamó ar thaobh a mhaime, Nóra Ní Cheannabháin, sular cailleadh í.

“Nuair a fógraíodh Corn Uí Riada, ‘sí mo mhamó an chéad duine a chuimhnigh mé ar,” a deir sé.

“Is cuimhneach liom bhí mé ag cleachtadh ag an Oireachtas sular bhásaigh sí - le haghaidh Corn na bhFear. Bhí ‘An Caisleach Bán’ foghlamtha a’am. ‘Beidh sé a’at lá eicínt ach ní bheidh mé anseo go bhfeicfidh mé a leainín’, a dúirt sí.

“Is údar bróid aisteach é a bheith in ann seasamh suas agus a rá, bhuel seo é mo chuid sean-nóis agus seo iad na daoine a thug dom é.”

Léargas an cheoil

Ach airíonn Rónán go bhfuil an ceol tar éis i bhfad níos mó ná duaiseanna a bhronnadh air sa saol.

“Is aisteach an rud é a rá ach tá’s a’am cé mé féin anois,” a deir sé. “Bhí mé ag fás suas agus tháinig mé amach. Thosaigh mé ag dul amach le mo bhuachaillchara agus bhog muid go Conamara lena chéile agus cheannaigh muid teach. Fós bhí mé ag iarraidh a bheith ag fáil mo chuid cosa fúm ach cheap mé i gcónaí nuair a thosaigh ceol nó damhsa nó casadh amhráin go raibh mé mé féin.”

“Tá mé céad faoin gcéad compordach le cé mé féin, agus ní rud é sin atá chuile dhuine in ann a rá.

Is léir mar sin go bhfuil Rónán breá sásta a bheith fréamhaithe i dtraidisiún na hamhránaíochta agus é ag cur lúibe eile le slabhra fada, stairiúil an tsean-nóis.

“Muintir na hÉireann agus muintir Chonamara, chuaigh muid tríd go leor sa stair agus tá muid tuisceanach dá bharr sin. Agus is dóigh go bhfanann cuid den tragóid agus den uaigneas sin inár gcroíthe fós sa lá atá inniu ann” a deir sé.

“Nuair a chloiseann muid aithris ar na scéalta seo agus na hamhráin seo á gcasadh arís, tá muid in ann ceangal a dhéanamh leis.

“Is aisteach go deo an rud é, ach gabhann tú isteach i d'áit féin agus leanann tú an scéal i do chloigeann féin mar, nach muid a chuaigh tríd ar bhealach?”

 

Page generated in 1.1076 seconds.