Daonra na n-oileán ‘faoi bhrú’

Chuala Comhchoiste Oireachtais go bhfuil daonra na n-oileán in Éirinn “faoi bhrú.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhar na nOileán, Máire Uí Mhaoláin, go bhfuil laghdú tar éis teacht ar líon na ndaoine óga ar na hoileáin agus í ag labhairt di leis an gComhchoiste um Choimirce Shóisialach, Forbairt Tuaithe agus Pobail, i dTeach Laighean, Baile Átha Cliath, maidin inné.

“Is é fírinne an scéil ó thaobh déimeagrafaic de faoi láthair ná go bhfuil daonra na n-oileán faoi bhrú,” a dúirt sí

“Tá dúshláin mhóra déimeagrafacha éagsúla roimh na hoileáin atá suite amach ó chósta na hÉireann - rud atá tar éis éirí níos déine le dhá scór bliain anuas.”

“Is daonra iad atá ag dul in aois. I 2022, bhí an t-aoisghrúpa is mó [ar na hoileáin] idir 60-69 bliain d’aois i gcomparáid le 40-49 ar bhonn náisiúnta.”

Dúirt Uí Mhaoláin thug na figiúirí le fios “na dúshláin a bhain le daoine fásta in aois oibre a mhealladh agus a choinneáil.”

De réir na bhfigiúirí is déanaí, tá 7.9% den daonra ar oileáin na hÉireann idir 20 agus 35 bliain d’aois, i gcomparáid 25% sa stát ina iomláine.

Chuala an Comhchoiste freisin gur tháinig laghdú 44% ar líon na dteaghlach le páistí ar na hoileáin le scór bliain anuas.

D’fhoilsigh an rialtas “Ár n-Oileáin Bheo” - an polasaí náisiúnta 10 mbliana d’oileáin amach ón gcósta - i mí an Mheithimh 2023.

Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an bpolasaí seo, chuala an Comhchoiste faoi chuid de na dúshláin eacnamaíochta agus sóisialta atá roimh phobail na n-oileán.

Dúradh leis gComhchoiste go bhfuil meán-thuarastal €33,260 ar na hoileáin, i gcomparáid le €51,810 sa stát ina iomláine - in ainneoin go mbíonn costas maireachtála níos airde ag baint leis an saol ar na hoileáin.

De réir an pholasaí “Ár n-Oileáin Bheo”, bíonn ar 12 roinn rialtais comhordú le chéile le na haidhmeanna a chur i bhfeidhm.

Chuala an Comhchoiste go raibh deacrachtaí ag baint le seo agus go raibh ranna rialtais áirithe ina “bpáirtnéirí láidre” ach ní raibh ranna eile.

Dúirt an Teachta Dála Pat “The Cope” Gallagher as Dún na nGall (FF ) go raibh sé deacair do “ghrúpa beag” déileáil 12 roinn rialtais agus gur cheart go mbeadh eagraíocht amháin ann a bhí in ann plé le riachtanais na n-oileánach.

Ina theannta sin, dúradh leis an gComhchoiste go raibh deacrachtaí ar na hoileáin le cúrsaí tithíochta agus pleanála - go háirithe de bharr go raibh cuid mhór den talamh ar na hoileáin liostaithe mar Limistéir Caomhantais Speisialta (SAC ).

Dúirt Máire Uí Mhaoláin go raibh costas €20,000 ag baint le cead pleanála ar oileáin Chontae na Gaillimhe.

 

Page generated in 1.3069 seconds.