Cuirfidh An Taibhdhearc leagan úrnua Gaeilge de ‘An Prionsa Sona’ le Oscar Wilde ar an stáitse i nGaillimh idir 1-19 Nollaig

Scéal thar a bheith tochtmhar agus draíochtúil faoi Fháinleog agus faoi Phrionsa atá réidh le gach rud a fhágáil ina ndiaidh chun cruatan an tsaoil a laghdú do dhaoine eile. De réir mar a thiteann an fómhar agus a athraíonn an aimsir go gasta, an mbeidh go leor ama ag an bhFáinleog bheag éalú as an bhfuacht agus eitilt chun na hÉigipte? Cad a tharlóidh nuair a bhuailfidh an Fháinleog le dealbh óir an Phrionsa Shona?

I ndomhan ina bhfuil áilleacht ar leith le fáil i ngníomhartha cineálta, is scéal é ‘An Prionsa Sona’ a spreagann muid uilig le bheith níos neamhleithlí agus níos láiche. Seo seó teaghlaigh a bheadh foirfe um Nollaig!

Tá ticéid chlainne, páistí agus scoileanna ar fáil ag antaibhdhearc.ie Is féidir leis an lucht féachana an aip Sibwrd a íoslódáil ar a ngutháin le teacht ar fhotheidealú iata i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh seó suaimhneach ar an 13 Nollaig ag 3pm.

An Taibhdhearc brings Oscar Wilde’s The Happy Prince to life in a magical new Irish-language Christmas production, in Galway 1–19 December

A moving and magical story about a Swallow and a Prince both willing to give up everything to ease the hardship of others. As Autumn falls and the weather turns, will time run out for the Swallow to fly to the warmer climate in Egypt? What happens one fateful night when the golden statue of ‘The Happy Prince’ meets the Swallow?

In a world where beauty is found in acts of kindness, An Prionsa Sona is a tale that inspires us all to perhaps be a little less selfish and a little kinder. It’s a perfect family show for Christmas!

Family, child and school tickets available at antaibhdhearc.ie Audiences can download the Sibwrd app to their phones to receive closed captioning in English or in Irish. There will also be a relaxed performance on the 13th of December at 3pm.

 

Page generated in 2.8694 seconds.