Smart Medical: Gnó a chuireann an Ghaeilge chun cinn in earnáil an chúraim sláinte

Tar éis dó a bheith ag obair mar altra, bhunaigh James Reihill gnó a chuireann trealamh leighis le Gaeilge ar an margadh

"I rith Covid, bhí mé ag obair mar altra istigh san ospidéal i nGaillimh agus dúirt mé liom féin, 'Tá mé ag iarraidh rud eicínt eile a dhéanamh ach níl a fhios agam céard é féin go díreach'."

"Chuaigh mé ag obair le comhlacht idirnáisiúnta a bhíonns ag díol trealamh leighis agus uaidh sin, dúirt mé liom féin, ‘Tá mise in ann é seo a dhéanamh’ - ní chomh mór is a bhí siadsan á dhéanamh ag an am. Ach chuaigh mé i dteagmháil le cúpla comhlacht nach raibh aon duine acu sa tír seo a bhí ag díol an trealamh a bhí acu agus dúirt mé go dtriailfidh mé é"

Déanann James Reihill cur síos ar an inspioráid taobh thiar de Smart Medical - gnó a bhunaigh sé i 2023 a dhíolann trealamh leighis agus atá lonnaithe sa Spidéal.

Thosaigh an gnó amach ag díol dífhibrileoirí (defibrillators ) agus nuair a cuireadh tús leis, thug James faoi deara nach raibh a dhóthain dífhibrileoirí poiblí ar fáil i gContae agus Cathair na Gaillimhe.

"Chuaigh mé i dteagmháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, agus ag an am ní raibh dífhibrileoir ar bith sa bhFaiche Mhór, agus ní raibh ceann feiceálach in aon áit. Dúirt mé, táimid ag iarraidh iad seo a chur in áiteanna a dhéanfadh difríocht do na daoine atá ag siúl trí Chathair na Gaillimhe, agus d'éirigh linn é sin a dhéanamh," a deir sé.

Teicneolaíocht leighis le Gaeilge

D'fhorbair Smart Medical an chéad dífhibrileoir ar domhan a labhraíonn Gaeilge, agus is léir go bhfuil ag éirí go maith leis an togra mar faoi láthair, tá gach dífhibrileoir poiblí atá i gCathair na Gaillimhe dátheangach.

"Croílár an ghnó seo ná an Ghaeilge. Go leor den saol Gaeltachta - taobh amuigh den ealaíon, agus an ceol, agus an cultúr fíor-speisialta atá a'ainn, níl mórán de rogha ag na daoine sna Gaeltachtaí a gcúram sláinte a fháil i nGaeilge," a deir James.

"Ní d'airgead a bhí mé ag iarraidh an togra sin a dhéanamh ach don teanga agus don saibhreas an teanga agus do na daoine amach romhainn. B'fhéidir ag lá eicínt go mbeidh seirbhís iomlán trí Ghaeilge sa tseirbhís sláinte in ann a bheith ann do dhaoine a bheadh sé sin uathu."

Ach ní hé an dífhibhrileoir Gaeilge an t-aon ghléas a dhíolann Smart Medical a bhíonn ag plé le cúrsaí teanga. Anois, tá an comhlacht ag cur gléas eile ar an margadh a ligeann d'othair labhairt le duine ar bith i bpé teanga gur mian leo agus déanfaidh sé aistriúchán láithreach air.

"Bíonn muid ag déanamh go leor bogearraí (software ) do na hotharcharranna sa tír seo. Chonaic mé, ó thaobh cúrsaí aistriúcháin de, go raibh go leor daoine nach raibh ann dul i dteagmháil le dochtúirí nó altraí san ospidéal toisc nach raibh Béarla acu," a mhíníonn James.

"Fuair mé trealamh - Pocketalk an t-ainm atá air, agus is éard a dhéanann tú leis ná roghnaíonn tú dhá theanga. Abair dá ngabhfadh tusa isteach ag ospidéal nó, ag dochtúir nó ag an fisió nó duine ar bith, agus ní raibh tú in ann iadsan a thuiscint, bheadh tú in ann an cnaipe a bhrú agus an comhrá sin a bheith agat leis an duine sin trí cibé teanga a bhí is láidre a bhí agatsa."

"An rud a ndeirtear istigh ann, na focail a deir muide, níl muid in ann iad sin a fháil ar ais riamh arís. Ó thaobh cúrsaí GDPR, seo é an t-aon cheann atá go hiomlán comhlíontach. Sin é an fáth go bhfuil sé in úsáid sa chúram sláinte sa tír seo agus go leor, leor áiteachaí eile ar nós Oispís na Gaillimhe."

Tá James den tuairim gur féidir leis an ngléas seo cuidiú go mór le hothair Ghaeltachta atá istigh san ospidéal má airíonn siad níos compordaí Gaeilge a labhairt.

"D'oibrigh mise mar altra sa Mater, i mBaile Átha Cliath agus do na cúpla bliain a bhí mé thuas ansin níor labhair mé Gaeilge uair amháin le duine ar bith," a deir sé.

"Ach nuair a tháinig mé go Gaillimh, chuala mé na hothair seo, na seandaoine ag teacht isteach nó na daoine óga agus na tuismitheoirí b'fhéidir. Sin é an chéad uair go bhfaca mise othair ag teacht isteach a bhí níos compordaí ag labhairt Gaeilge ach bhí orthusan iompú ar an mBéarla mar gheall go rabhadar san ospidéal."

"Samhlaigh dá mbeadh duine eicínt le néaltrú (dementia ) nó galar Alzheimer orthu ach dá ngabhfaidís isteach in ospidéal nach labhraíonn aon duine Gaeilge ann. Agus má iompaíonn siad siar ar an teanga dhúchais, céard a dhéanfá."

"Anois tá rud éicint ann, tá tú in ann éisteacht leis an othar seo agus labhairt leo. B'fhéidir go ndéanfadh sé sin difríocht d’othar amháin sa tír seo sa todhchaí agus dhomsa bheinn an-bhródúil dá n-úsáidtear Poketalk le haghaidh an jab sin a dhéanamh."

Na dúshláin a bhaineann le saol an ghnó

Ar ndóigh, bhí sé dúshlánach do James tosú amach i saol an ghnó tar éis dó a bheith ag obair mar altra agus dar leis bíonn neart oibre ag baint le cúrsaí margaíochta agus riaracháin tar éis dó gléas nua a aimsiú.

"Is cuma céard atá tú a dhíol - an rud is luachmhaire ar domhan nó rud éicint atá cúig cent déag - má tá tú ag dul ag labhairt le aon duine agus ag iarraidh rud eicínt a dhíol, an t-aon rud atá ann ná comhrá," a deir sé.

"Ag an am, an trealamh a bhí a'am bhí sé go maith, na custaiméirí a bhí a'am, bhí aithne a'am orthu, bhíodar ag ceannach rudaí uaim - ach níor thuig mé an méid oibre a bhí taobh thiar dhó - chuile shórt eile seachas an jab é féin."

"Anois caithfidh tú a bheith i d’fhear nó bean a bhreathnaíonn amach ar an suíomh idirlín de agus cúrsaí margaíochta de agus caithfidh tú seónna a chur in áirithe agus caithfidh tú breathnú amach agus breathnú siar ar chuile píosa obair a rinne tú."

Áfach, feiceann James go bhfuil sé ag dul i dtaithí ar na taobhanna seo den ghnó.

"Chuir duine éicint ráiteas iontach a’am; ‘Duine eicínt a thosaíonn aon ghnó, bíonn tú ag codladh ar nós leanbh’, mar bíonn leanbh ina dúiseacht chuile darna nó tríú huair ag caoineadh san oíche agus ag paniceáil faoi chuile shórt agus sin é an chaoi a mbíonn sé don chéad chúpla bliain."

"Sin an chaoi a bhíonn sé don chéad cúpla bliain, ach i mbliana - níl mé ag rá go bhfuil rudaí éasca - ach tá níos mó cleachta a'am ar chuile taobh den ghnó."

 

Page generated in 1.2029 seconds.