Leabhair Ghaeilge i lár an aonaigh ag na Gradaim Leabhar na hÉireann

Níor chuir an foláireamh aimsire ó Stoirm Austen bac ar scríbhneoirí, foilsitheoirí, craoltóirí agus maisitheoirí na tíre an Déardaoin seo caite, 22 Deireadh Fómhair, agus iad ag cruinniú in Ard-Oifig an Phoist le fáil amach cé a bheadh ainmnithe do na Gradaim Leabhar An Post i mbliana.

Bhailigh idir sean-chairde agus cairde nua ón domhan liteartha san fhorhalla, iad ag ól gloine fíona, ag glacadh féiníní le chéile, ag tabhairt barróga móra ceiliúradh agus ag déanamh comhghairdis nuair a d’fhoghlaim siad cé a bhí ainmnithe ar na gearrliostaí sna 19 catagóir.

Agus na gradaim ag teacht in inmhe ag ceiliúradh 21 bliain ar an bhfód, tá an Gradam Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana, urraithe ag Love Leabhar Gaeilge le Foras na Gaeilge, anois ina naoú bliain.

I mbliana, tá cúig leabhar ainmnithe don ghradam seo: Faraor Géar nár Cailleadh Mé le Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht ), Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin (Cló Iar-Chonnacht ), Eoghan Béal le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac ), An Cláirseoir le Diarmuid Johnson (Leabhar Breac ) agus Sí le Seán Ó Muireagáin (Éabhlóid ).

Tugann na leabhair seo timpeall na tíre muid, ón Trá Bán i gConamara go Sligeach agus Baile Átha Cliath, chuig Cúige Laighean i 1169 agus ceantar tuaithe ar imeall an Atlantaigh. Ní hamháin go dtugann siad ar aistear tíre muid, ach tugann siad ar aistear intinne muid ag fiosrú cumha i ndiaidh an bháis, an t-uaigneas san ionad oibre, cúrsaí staire ár linne agus éanacha scoite sa phobal.

Dúirt Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac i gCois Fharraige go bhfuil sé “i mbarr an tsaoil” agus dhá leabhar de chuid an fhoilsitheora ar an ngearrliosta. Leabhar a scríobh Darach é féin - Eoghan Béal - faoi Rí Chonnacht “nach raibh sásta géilleadh don bhás”, agus leabhar Dhiarmuid Johnson - An Cláirseoir - a insíonn scéal na nGael, na Normannach agus na mBreatnach i 1169.

Dúirt Darach go gcabhraíonn an t-aitheantas a thagann le hainmniúcháin mar gur “maith le chuile scríbhneoir go léifí an leabhar” agus bhí an t-údar Micheál Ó Conghaile ar aon fhocal leis ag rá, “díríonn sé aird ar leabhar agus cuireann níos mó daoine suim ann”.

Agus é ag caint faoina leabhar Faraor Géar nár Cailleadh Mé, dúirt Micheál go gcuirfidh muintir Chonamara suim faoi leith ina leabhar, athchruthú samhlaíoch faoi Bhríd Ní Mháille ón amhrán clúiteach Amhráin na Trá Báine.

Ó Shráid an Mhargaidh sa Ghaillimh chuig Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath don scríbhneoir Patricia Forde agus go leor ábhar ceiliúrtha aici. Tá éacht faoi leith bainte amach aici agus a pictiúrleabhar An Peata Is Fearr (Futa Fata ) ar an ngearrliosta do Leabhar na Bliana do Pháistí (Sóisear ) – níl seo ach an dara huair go bhfuil leabhar Gaeilge ar an ngearrliosta seo.

Ní hamháin sin, ach tá sí ag dul in iomaíocht léi féin agus leabhar eile dá cuid ar an ngearrliosta céanna Letters to a Giant (Bloomsbury ). Labhair mé le Patricia ar an oíche agus dúirt sí, “Tá mé an-bhródúil agus an-sásta, leis na blianta bhí mé ag rá gur cheart dúinn a bheith i gcomórtas le leabhair i mBéarla – níl aon fhaitíos orainn roimhe sin – agus ceapaim gur maith an rud é go mbeadh muid ar fad istigh le chéile.”

Phillip Cullen a mhaisigh an leabhar spraíúi seo ina dtugann an tOllamh Seán Mac Amadáin comhairle do pháistí faoin bpeata is fearr. Uaireanta ní bhíonn a bhreithiúnas díreach ceart nó cruinn agus tá súil againn go mbeidh níos mó céille ag léitheoirí na tíre agus iad ag vótáil do na gradaim seo!

Is féidir leis an bpobal a vóta a chaitheamh ar na gradaim roimh an 13ú Samhain. Fógrófar na buaiteoirí ar an 1ú Nollaig agus craolfar an clár teilifíse ar an 10 Nollaig. Tá tuilleadh eolais ar loveleabhargaeilge.ie agus irishbookawards.ie

 

Page generated in 0.1094 seconds.