'Creidim go bhfuil an-chuid freagraí ionainn féin'

Théis a d'fhág Laura Martyn na Gardaí bhunaigh sí a gnó féin ag dearadh mataí ióga

“Sílim go bhfuil an t-ádh dearg orm a bheith i mo chónaí i gConamara Theas, áit a bhfuil an-chuid daoine cruthaitheacha. Faighim inspioráid ó go leor daoine timpeall orm, agus is iontach an rud é a bheith i dteagmháil le daoine eile atá i mbun gnó. Tugaimid tacaíocht dá chéile ar fad, fiú má táimid ag obair i réimsí atá beagán difriúil óna chéile.”

Labhraíonn Laura Martyn faoi Dara Mats - gnó a bhunaigh sí mar gur theastaigh uaithi mataí ióga (yoga ) ar ardchaighdeán a chruthú a bhí marthanach agus nach ndearna dochar don timpeallacht.

Tagann an t-ainm ‘Dara’ ón bhfocal ‘dair’ - crann atá láidir, fréamhaithe, buan - agus tá fonn ar Laura na gnéithe seo a chur in iúl ina cuid mataí.

Baineann na mataí iad féin úsáid as rubar nádúrtha ó chrainn agus is féidir iad a ghlanadh sa meaisín níochán. Ar ndóigh, tar éis blianta a chaitheamh mar mhúinteoir ióga, bhí Laura tiomanta an “mata foirfe” a chruthú agus dearann sí chuile ceann í féin ag baint úsáide as radharcanna sciamhacha Éireannacha nó siombalacha spioradálta.

“Thosaigh mé ag cleachtadh ióga níos mó ná deich mbliana ó shin, agus rinne mé oiliúint mar mhúinteoir sé bliana ó shin. Anois, táim lánaimseartha i mo mhúinteoir ióga, oibrím le teiripí fuinnimh freisin,” a deir Laura.

“Dearaim féin chuile mhata, agus is íomhánna iad uilig a spreagann mé, bíodh siad ina dtírdhreacha Éireannacha nó ina ndearaí spioradálta. Ba mhaith liom teachtaireacht na folláine a scaipeadh i bhfad agus i gcéin.”

An saol mar Gharda

Áfach, bheadh ionadh ar dhaoine nach bhfuil aithne acub ar Laura a chloisteáil gur chaith sí seal ag obair mar Gharda i Leitir Móir sular bhunaigh sí a gnó.

Ach in ainneoin na codarsnachta a bhaineann leis an ióga agus an strus a bhaineann le post mar Gharda, síleann Laura go raibh an bun-chuspóir céanna aici ina sean-phost agus ina ról nua.

“Ní dheachaigh mé isteach sna Gardaí de bharr gur post buan é le pinsean. Chuaigh mé isteach mar theastaigh uaim difríocht a dhéanamh agus cabhrú le daoine,” a mhíníonn Laura.

“Feiceann tú an taobh crua den saol - taobh nach bhfeiceann go leor daoine riamh. Bhí mé ag obair i bpobal iontach i gConamara. Airím uaim bualadh le daoine éagsúla gach lá - idir óg agus aosta - agus iarracht a dhéanamh cabhrú leo.”

Tháinig díomá ar Laura áfach agus í ag obair leis an nGarda Síochána mar chreid sí nach raibh bainistíocht an fhórsa ag freastal ar an bpobal i gceart.

“Ní hé an post a d'fhág mé, ach an eagraíocht. Bhí sí deacair, go háirithe mar gheall ar dhrochcheannaireacht,” a deir sí.

“Ní raibh mé chun fanacht i bpost nach raibh ag cur riachtanais an phobail san áireamh - rud a bhí mé ag tabhairt faoi deara de réir a chéile.”

“Ó d'fhág mé, tá go leor Gardaí tar éis teagmháil a dhéanamh liom atá ag streachailt i ndáiríre agus atá míshásta sa phost.”

Na dúshláin a bhaineann le féin-fhostaíocht

Tá Laura ag tabhairt aghaidh ar dhúshlán nua anois agus í ag obair mar bhean ghnó neamhspleách.

“Ní bhíonn a fhios agat i ndáiríre an mbeidh aon airgead á thuilleamh agat ó sheachtain go seachtain. Ach caithfidh tú dul sa seans agus creidim go láidir sa mhéid atá á dhéanamh agam,” a deir sí.

“Cé go bhfuil níos mó saoirse agam i mo phost nua, ní bhíonn tú in ann éirí as an obair i gceart riamh ach oiread. Sin an rud is deacra domsa.”

“Caithfidh tú am a chur ar leataobh duit féin d'aon ghnó. Bíonn lá nó cúpla uair an chloig agam a thógaim dom féin, mar mura ndéanfainn é sin, bheinn cloíte. Bhí a fhios agam é sin ón tús mar fuair mé comhairle mhaith ó dhaoine a raibh an t-ídiú sin orthu cheana.”

Tá sé tábhachtach freisin do Laura go bhfanann sí dílis don aidhm a bhí aici nuair a bhunaigh sí a gnó agus cuidíonn sé seo léi a paisean a choinneáil beo.

“Feicim daoine áirithe i saol an ghnó atá ag géilleadh ar a gcuid luachanna féin. Thosaigh siad amach le cuspóir faoi leith, ach rinne siad dearmad ar an gcuspóir sin. Feicim go bhfuil sé ag cur isteach orthu, fiú má tá ag éirí go maith lena dtáirge. Ní dóigh liom gur slí mhaireachtála inbhuanaithe í sin domsa,” a deir sí.

An tábhacht a bhaineann le féin-chúram

Mar aon leis na mataí a dhearann sí, eagraíonn Laura cúrsaí ióga agus síleann sí go bhfuil an saol théis éirí chomh gnóthach, nach dtuigeann daoine cé chomh gafa is a bhíonn siad go dtí go dtí go ndéanann siad iarracht a scíthe a ligean.

“Seans go gcuirfidh daoine áit in áirithe mar go gceapann siad gur deis é lá a chaitheamh amuigh le cara nó le duine den teaghlach, nó fiú lá a chaitheamh leo féin. Ach ansin baineann siad an-tairbhe as agus tuigeann siad nach raibh aon am á chur acu ar leataobh dóibh féin,” a mhíníonn Laura.

“Is duine an-spioradálta mé. Fuair mé amach - de réir an méid oibre a bhí á dhéanamh agam orm féin - go raibh mé in ann léargas a fháil ar rudaí.”

“Creidim go bhfuil an-chuid freagraí ionainn féin, ach nach gcuirimid an t-am ar leataobh chun éisteacht leo. Bíonn an saol chomh gnóthach sin nach mbíonn an deis againn tiúnáil isteach.”

Mar fhocal scoir, molann Laura do dhaoine a mbealach féin a aimsiú - bíodh sé sin le ióga nó modh eile - le machnamh a dhéanamh agus suaimhneas a fháil.

“Caithfidh tú dul sa tóir air agus iarracht a dhéanamh teacht ar an rud a oireann duit féin. Níl sé éasca i gcónaí fios a bheith agat cén chaoi le tosú,” a deir sí.

 

Page generated in 1.3491 seconds.