Céard is ceol náisiúnta ann?

Aisteach go leor, beidh mé féin ag freastal ar an opera i mBúdaipeist, príomhchathair na hUngáire, oíche Dé Sathairn seo.

Tá cathú orm a rá gur i bhfad ón opera a tógadh mise ach níl sé seo go huile is go hiomlán fíor. Is as Contae Loch Garman dom ó dhúchas - áit a bhfuil an fhéile opera is mó sa tír ag dul ar aghaidh faoi láthair.

Cé go bhfuilimid an-bhródúil as an Áras Opera Náisiúnta galánta atá lonnaithe i mbaile Loch Garman, caithfidh mé a admháil i ndáiríre nach féidir comparáid a dhéanamh leis an maorgacht a bhaineann leis an áras stairiúil opera atá i mBúdaipeist.

Cé gur maith liom an ceol clasaiceach, airímse gur féidir linn in Éirinn a bheith scartha amach uaidh i mbealach. Am ar bith a bhímse ar mhór-roinn na hEorpa, i gcónaí airímse go bhfuil nasc níos dlúithe le brath idir an cultúr áitiúil agus an ceol clasaiceach ná mar atá in Éirinn.

Nuair a smaoiníonn daoine ar cheol na hÉireann, is dóigh go smaoiníonn siad ar cheol traidisiúnta na tíre. Ach nuair a smaoiníonn siad ar cheol náisiúnta na hIodáile nó na Gearmáine mar shampla, is minic a smaoiníonn siad ar na cumadóirí clasaiceacha clúiteacha a rugadh sna tíortha sin.

Beidh mé ag freastal ar opera Háry János, a chum Zoltán Kodály - cumadóir a aithnítear mar cheann de na cumadóirí is mó le rá san Ungáir.

Bhí tionchar ollmhór ag ceol traidisiúnta na tíre ar Kodály agus mheasc sé an stíl ceoil seo leis an gceol clasaiceach le stíl “náisiúnta Ungárach” a chruthú do luchtanna éisteachta ar fud an domhain. Ar ndóigh, díríonn an-chuid dá shaothair ar théama an náisiúnachais.

Agus mé ag léamh faoi Kodály, aisteach go leor chuir sé mé ag smaoineamh ar chúrsaí in Éirinn. Le déanaí sa bhfoilseachán seo, rinneadh tagairt don stair a bhaineann leis an damhsa ar an sean-nós.

Leathchéad bliain ó shin, tugadh aitheantas foirmeálta don chineál rince seo den chéad uair ag féile an Oireachtais. Bhí iarracht á dhéanamh thart ar an am seo béim níos mó a chur ar fhíorchultúr na Gaeltachta sa bhféile.

Roimhe sin, b’imeacht sórt ardnósach é an tOireachtas agus reáchtáladh é i mBleá Cliath gach bliain - áit a mbíodh gach duine a d’fhreastail ar an bhféile ag caitheamh cultacha agus gúnaí galánta.

Aisteach go leor, choimisiúnaigh an tOireachtas Eithne, an chéad opera Gaeilge sa mbliain 1909.

Is dóigh go léiríonn sé seo an chineáil meoin a bhí ag an-chuid de lucht na hathbheochana in Éirinn. Theastaigh uathu cultúr na tíre a chaomhnú agus a chur chun cinn i gcomhthéacs a bhí “béasach” agus “sibhialta.”

Tá sé suimiúil an chaoi nár éirigh go maith leis na hiarrachtaí seo in Éirinn an cultúr dúchais a chur chun sa gcomhthéacs seo - cé go mbreathnaítear ar Kodály mar laoch náisiúnta san Ungáir sa lá atá inniu ann.

 

Page generated in 0.4587 seconds.