Imní léirithe faoi sheirbhís an 424 sa Spidéal

Mairéad
Farrell TD

Mairéad Farrell TD

Tá an Teachta Dála Mairéad Farrell (Sinn Féin ) tar éis a rá go bhfuil soiléiriú ag teastáil ó Bhus Éireann maidir le huasghrádaithe a bhí fógartha don tseirbhís 424.

Tuairiscíodh ag deireadh na míosa seo caite gur fhógair an t-Údarás Náisiúnta Iompair (NTA ) go mbeadh seirbhís bhreise ar bhealach an 424 ag dul siar agus aniar idir an Spidéal agus cathair na Gaillimhe.

Tugadh le fios an tseachtain seo áfach, go mbeidh seirbhís nua bus idir Bearna agus cathair na Gaillimhe - rud atá tar éis ceisteanna a ardú faoin tseirbhís nua a bhí fógartha don Spidéal agus más rud é go gcomhlíonfar an fógra sin.

Tuigtear go raibh an Teachta Farrell i dteagmháil leis an NTA faoin gceist seo agus go raibh sé fógartha ag Bus Éireann go raibh moladh curtha faoi bhráid cheanncheathrú na heagraíochta go mbeadh na seirbhísí breise a bheas á chur ar fáil ar bhealach an 424 ar maidin i mBearna ag dul chomh fada leis an Spidéal.

I ráiteas, dúirt an Teachta Farrell, “Tá an t-éileamh ó na daoine a n-úsáideann an 424 soiléir le fada an lá: tá níos mó spáis agus níos mó busanna ag teastáil.”

“Tá sé in am don tsoiléireacht chéanna ón NTA. Tá an t-eolas faoi ag teacht amach i ngiota beaga. Teastaíonn cinneadh láithreach ar an moladh ó Bhus Éireann.”

“Tá soiléiriú ag teastáil freisin ar cé mhéad busanna ard-líon paisinéirí a bheas curtha ar bhealach an 424 agus cén uair a bheidh sé sin déanta. Tá mé ag cur brú ar an NTA ar seo agus teastaíonn freagra cuimsitheach uathu.”

Ina theannta sin, léirigh Mairéad Farrell imní nach raibh seirbhís bhus maidine ann idir Conamara agus cathair na Gaillimhe a shroich an baile mór tamall beag roimh a 9rn - rud a bheadh feiliúnach d’oibritheoirí agus mic léinn.

Mar chuid den tseirbhís nua idir Bearna agus cathair na Gaillimhe, beidh dhá bhus nua ag dul soir ó Bhearna ar maidin agus ag teacht anoir ó Ghaillimh um thráthnóna.

D’fhógair an Teachta Dála John Connolly (Fianna Fáil ) an tseachtain seo freisin go mbeidh flít nua busanna nua in úsáid ar bhealach an 424.

Tuigtear go mbeidh líon na suíochán atá ar na busanna nua seo thart ar 50% níos mó ná líon na suíochán atá ar na busanna atá in úsáid faoi láthair.

I ráiteas, chuir an Teachta Connolly roimh an bhfógra go mbeadh seirbhís nua idir Bearna agus cathair na Gaillimhe agus dúirt sé gur “dul chun cinn” a bhí ann cé go raibh “níos mó oibre le déanamh.”

Rinneadh an foilseachán seo teagmháil le Bus Éireann agus an NTA faoi na sonraí sa tuairisc seo. Agus an t-alt seo á scríobh, ní bhfuarthas freagra ar bith ón dá eagraíocht.

 

Page generated in 0.4224 seconds.