'Is breá le muintir na Gaillimhe nuair a bhíonn tú ag spochadh astu'

Labhraíonn an bhean ghrinn Aideen McQueen faoin saol ar stáitse agus an grá atá aici do Ghaillimh

“Tá atmaisféar cneasta, cairdiúil, saor, agus beagáinín draíochtúil ag baint le Gaillimh. Deir gach duine ‘heileo’ leat, ní bhíonn daoine chomh gléasta suas. Tá sé ar nós baile tuaithe i mbealach amháin ach ansin bíonn na healaíona ann freisin.”

Téann an bhean ghrinn Aideen McQueen siar ar bhóithrín na smaointe agus í ag cuimhneamh ar na hoícheantaí ar fad a chaith sí sa Róisín.

Beidh an fuirseoir (comedian ) ag filleadh ar Ghaillimh ag deireadh na míosa seo le sraith seóanna a dhéanamh mar chuid den Galway Comedy Festival agus is léir go bhfuil sí ag tnúth go mór leis.

“Bhíos i mo chónaí i nGaillimh nuair a bhí mé i mo luath-fhichidí. Bhí mo dheirfiúr sa choláiste ann agus nuair a théinn ar cuairt chuici, thit mé i ngrá leis an áit,” a deir Aideen.

“Is breá le muintir na Gaillimhe nuair a bhíonn tú ag spochadh astu. Tá lucht na Gaeltachta ann, tá na ‘yummy mummies’ i mBearna, tá lucht Mhaigh Eo ann. Tá réimse leathan den tsochaí ann.”

Is léir go bhfuil tuiscint ar leith ag Aideen ar an rogha shuntasach atá le déanamh ag an ealaíontóir idir an bhéim a chuireann siad ar a dteachtaireacht pearsanta agus an brú atá ann dul i bhfeidhm ar an lucht féachana.

Ar ndóigh baineann suntas áirithe leis an gceist seo don lucht grinn mar is cuma cén teachtaireacht atá acu, caithfear fós an lucht féachana a chur ag gáire.

“Is cothromaíocht mhaith é idir daoine a chur ag gáire agus an rud dul tú ag iarraidh a rá a rá agus tá sé go deas a bheith in ann an chothromaíocht sin a aimsiú”, a deir Aideen.

“Aréir bhí mé ag gig agus daoine óga, daoine iasachta a bhí ann don chuid is mó. Ní bheinn in ann jócanna dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta na hÉireann leo. Tá roinnt fuirseoirí atá go hiomlán ealaíonta agus ní fhéadfadh siad na gnáth-chlub a dhéanamh.”

“An rud is fearr ná go bhfuil tú in ann do rud a rá, rud éigin difriúil a rá, ach fós mórlach na ndaoine a chur ag gáire. Sin an dúshlán, ach is maith liom é.”

Aithníonn Aideen go dtugann na meáin shóisialta deis do thaibheoirí lucht féachana ar leith a aimsiú – agus tá sí féin ag baint níos mó úsáide astu anois cé go raibh drogall uirthi ar dtús.

“Ní raibh mé ag iarraidh é a dhéanamh”, a deir sí. “Ach ansin thosaigh mé díog ar ndíog ag déanamh físeán gach dhá nó trí lá. Bhí cúpla rud beagáinín ‘viral’ agam, ach cabhraíonn sé sin.”

“Níl daoine chomh dírithe ar an teilifís a thuilleadh, tá siad ag díriú ar leantóirí. Mar sin ní gá a bheith freastal ar gach duine, is féidir freastal ar do lucht féachana go sonrach má éiríonn leat go maith ar an idirlíon.”

Ach ní hé tionchar na meán sóisialta an t-aon athrú suntasach a fheiceann Aideen ina hearnáil, agus dar léi tá brú ar fhuirseoirí a bheith níos proifisiúnta anois.

“Meallann sé lucht ‘Oxbridge’ agus daoine stuama níos mó ná mar a dhéanadh 20 bliain ó shin”, a deir sí. “Bheadh ionadh ort, go háirithe nuair a théann tú go Sasana, agus in Éirinn freisin”.

“Bhíodh daoine ag teacht agus iad leath ar meisce agus ag ól ar stáitse. Ach anois, uaireanta téann tú go gig agus cheapfá go raibh daoine ag dul isteach chun an Ardteist a dhéanamh mar bíonn gach duine ag léamh a gcuid nótaí.”

Áfach, ní shin le rá nach féidir le fuirseoirí a bheith rúinín beag craiceáilte agus sa tóir ar eispéireas nua, agus bíonn deacrachtaí meabhairshláinte sách coitianta san earnáil. Bíonn Aideen í féin sásta labhairt go hoscailte faoina cuid fulaingthe agus í faoi ghreim an óil

“Thaitin sé liom i gcónaí” a deir sí go lom. “An chéad uair gur ól mé bhraith mé an méid faoisimh sin. Bhí mé in ann grá agus bá a bheith agam do dhaoine agus ní raibh mé ag smaoineamh fúm féin.”

“Ach díog ar ndíog, chuaigh sé i bhfeidhm orm agus tharlaíodh rudaí uafásacha dom agus fós ní raibh mé in ann stopadh”

“Bhí easpa sásaimh ionam is dócha beagáinín ar feadh mo shaol i ndáiríre go dtí gur stop mé ag ól agus fuair mé rud éagann difriúil i mo shaol, b'fhéidir saol spioradálta d’fhéadfá a rá.”

“Tá a fhios agam go bhfuil an t-ádh dearg orm a bheith beo. Bhí cúpla babhta go bhféadfainn a bheith marbh. Tá an buíochas sin agam agus tá an buíochas an-tábhachtach mar tugann sé dearcadh iomlán difriúil duit ar an saol.”

“Bhí orm dul i ngleic leis le grúpa féin-chabhair. Bím gafa le himeachtaí do dhaoine nach n-ólann agus bím ag cabhrú le daoine eile, tugann sé sin a lán faoiseamh domsa.”

Ach ní bhíonn fadhbanna den chineál seo ag fuirseoirí amháin, agus tugann Aideen faoi deara go mbíonn dúil nimhe sa scleondar le feiceáil go forleathan sa saol poiblí.

“Tá polaiteoirí díreach chomh craiceáilte” a deir sí agus meangadh gáire uirthi. “Bíonn siad ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na daoine mar a dhéanann fuirseoirí. Bíonn daoine ag bualadh bos dúinne, bíonn daoine ag caitheamh vótaí ar son.”

“‘High’ atá ann cinnte. Bhí mé ag smaoineamh nuair a tháinig na pictiúir sin amach le Bill Clinton sa ‘mbath’ leis na mná, polaiteoir mór le rá, canathaobh go bhfuil sé le hEpstein agus ag ligint dó pictiúir a fháil dóibh, fiú dá mo rud é go ndearna sé faic.”

“Má dhéanann fuirseoir drochrud ar nós a bheith ina alcólach cosúil liomsa, is féidir liomsa seó a dhéanamh agus faighim maithiúnas. Ach má dhéanann polaiteoir botún...”

Ar ndóigh bíonn sé deacair do roinnt polaiteoirí móra an salachar ar fad a ghlanadh uathu féin, in ainneoin an méid ama a chaith cuid acub sa ‘mbath’ i dTí Epstein.

Ach is dócha a thugann faoiseamh do na daoine den lucht féachana a bhfuil fonn orthu labhairt le hAideen théis a seó ná an misneach agus cumas atá aici dianmhachnamh ionraic a dhéanamh ar an am atá caite agus a léargais chríonna a chur in iúl i stíl atá leochaileach, éirimiúil, éagsúil agus greannmhar fiú.

“Deirtear gan aon aiféala a bheith ort” a mhíníonn Aideen. “Má tá tú tar éis drochrudaí dhéanamh, ná bíodh aiféala ort, déan an rud ceart agus féach an féidir le do thaithí cabhrú le daoine.”

Beidh Aideen ar stáitse sa Róisín Dubh, Dé Máirt, 20ú Deireadh Fómhair, agus i Mary Mullen's, Déardaoin, 22ú Deireadh Fómhair

Beidh Aideen freisin ag glacadh páirte san imeacht Gáire as Gaeilge, i bPálás, Dé hAoine, 23ú Deireadh Fómhair.

 

Page generated in 0.4856 seconds.