I dTigh Chualáin sa gCoill Rua a bhí mé oíche Dé Domhnaigh le ceilúradh a dhéanamh ar an damhsa ar an sean-nós.
Bhí imeacht speisialta ar siúl sa teach tabhairne le clabhsúr a chuir ar Fhéile Chois Fharraige i mbliana agus comóradh a dhéanamh ar imeacht eile a tharla ann leathchéad bliain ó shin.
I 1976, tugadh aitheantas foirmeálta don “damhsa ar an sean-nós” den chéad uair agus b’shin é an chéad uair gur baineadh úsáid as an téarma seo.
Fuair an triúr fhear a d’eagraigh an imeacht - Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, Donncha Ó hEallaithe agus Seosamh Ó Cuaig - inspioráid ón téarma “amhránaíocht ar an sean-nós.”
Ar ndóigh, bhí focal eicínt ag teastáil le cur síos a dhéanamh ar an gcineáil damhsa aonair a bhí i gceist acub agus iad ag déanamh fógraíochta ar an imeacht.
I measc na ndamhsóirí a bhí i láthair, bhí Cóilín Fhinnse Mac Donncha ó Charna, Cóilín Joe Gorm ó Cheantar na nOileán, Pádraig Bradley ó Leitir Mealláin, Máirtín Beag Ó Gríofa ón gCeathrú Rua agus Pádraig Tom Pheadair Ó Gríofa as Cor na Rón.
Chuir an boscadóir Frank Mac Donncha, ó Bhéal an Daingin, ceol ar fáil do na damhsóirí agus bhí fear a’ tí Máirtín Jaimsie i mbun céapair damhsa freisin.
Bhí sé de phléisiúr a’am neart ama a chaitheamh le Máirtín Jaimsie an deireadh seachtaine seo caite agus bhí sé thar a bheith suimiúil a léargas ar an ábhar seo a fháil.
Ar ndóigh, bhí sé barúil é a chloisteáil ag déanamh cur síos ar na feistis aisteacha agus “na buachaillí i sciortaí” a bhíodh ag damhsa ag an Oireachtas roimh na 1970idí.
Roimh an am seo, reachtáladh an tOireachtas i mBaile Átha Cliath chuile bliain agus is dóigh gur mheall sé dream meánaicmeach, uirbeach den chuid is mó ar theastaigh uathu an cultúr Gaelach a athshamhlú agus a chur chun cinn i gcomhthéacs rómánsúil agus “dea-mhúinte.”
Bhaineadh damhsóirí ar an sean-nós úsáid as na tairní a bhí i mboinn a mbuataisí oibre le fuaim ar leith a chruthú amantaí - cé go mbíonn brógaí damhsa speisialta le boinn crua orthu in úsáid inniu.
Ar ndóigh, ní hé seo an cineál damhsa a bhíodh an dream meánaicmeach i mBaile Átha Cliatha ag iarraidh a spreagadh.
Aisteach go leor, tá nasc ar leith ann idir an ghluaiseacht teanga agus an rince. B’iad Conradh na Gaeilge a bhunaigh an Coimisiún Le Rincí Gaelacha beagnach céad bliain ó shin i 1927.
Sa lá atá inniu ann, is é an Coimisiún an foras rialaithe is mó a chuireann an damhsa Gaelach chun cinn agus tá sé fós faoi phátrúnacht an Chonartha.
Ar aon chuma, chuir an meon ardnósach a bhíodh bainteach leis an Oireachtas roimh na 1970idí isteach go mór ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus spreag sé iad a bhféile féin - “Oireachtas na nGael” - a eagrú mar chineál agóid sular éirigh leo an tOireachtas mór a thabhairt go Cois Fharraige i 1974. B’é seo an chéad uair gur reachtáladh an fhéile sa nGaeltacht.
Tá an chuma ar an scéal go raibh tionchar mór ag meon na gCearta Sibhialta ar an gcinneadh a rinneadh chun an damhsa ar an sean-nós a chur chun cinn.
Ar ndóigh, ar chlár an Oireachtais i 1976, dúradh go raibh an imeacht damhsa ar an sean-nós á reachtáil i gcomhar le hOireachtas na nGael.
Bhí an t-uafás rinceoirí óga den chéad scoth le feiceáil oíche Dé Domhnaigh i dTigh Chualáin - rud a thugann le fios gur éirigh thar cionn leis an triúr a d’eagraigh an chéad oíche damhsa ar an sean-nós ann leathchéad bliain ó shin.
Is dóigh go dtugann sé le fios an tionchar gur féidir a bheith ag líon beag daoine ón bpobal má tá siad paiseanta faoi rud eicínt - faoinár gcois atá sé!