Caoga bliain ó shin i 1976, eagraíodh Oireachtas na Gaeilge i gCois Fharraige den chéad uair. Cuireadh tús le himeachtaí, Dé hAoine, 27ú Lúnasa agus bhí imeachtaí ar bun chuile lá den tseachtain idir sin agus nuair a cuireadh clabhsúr leis an bhféile le ceolchoirm agus céilí sa bPoitín Stil, Dé Sathairn, 4ú Meán Fómhair.
Le himeachtaí á eagrú thar naoi lá, cuireadh Coiste Áitiúil le chéile faoi chúram Chomharchumann Chois Fharraige, agus Joe Steve Ó Neachtain ina chathaoirleach air.
Is dócha go bhféadfaí an locht a chur ar Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta faoin Oireachtas a thabhairt go Cois Fharraige, má bhí locht le cur ar aon dream. Bhíodh na Cearta Sibhialta cáinteach faoin ngalántacht a bhain go traidisiúnta le hOireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Sa tréimhseachán Tuairisc (Eagrán 4 ) - iris a bhíodh á fhoilsiú ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta tús na 1970idí - dúradh faoi Fháiltiú an Oireachtais, 1970, sa Royal Dublin Society gur rith an smaoineamh leis an údar théis dhó breathnú ar na "dicky bows" is na "fur stoles", nárbh áit é don ghnáthdhuine Gaeltachta.
Shocraigh an Ghluaiseacht ‘Oireachtas na nGael’ a eagrú i Ros Muc mar sin, mí Dheireadh Fómhair 1970, mar cineál "frith-Oireachtas". Bhí Gluaiseacht na gCearta Sibhialta ag éileamh go ndéanfaí Oireachtas na Gaeilge a eagrú sa nGaeltacht in áit é a bheith ar bun i mBleá Cliath, chuile bhliain.
Le scéal fada a dhéanamh gearr, géilleadh d'éileamh na gCearta Sibhialta agus socraíodh Oireachtas na Gaeilge a thabhairt chuig Cois Fharraige i 1974.
‘Damhsa ar an Sean-Nós’ ar an ardán den chéad uair
D’éirigh go maith leis an bhféile an bhliain sin, in ainneoin na drochaimsire, agus socraíodh filleadh ar Chois Fharraige leis an Oireachtas i 1976.
I dTigh Chualáin ar an gCoill Rua - nó Tigh Mharcuis, mar a thugadh muid air- eagraíodh taispeántas "damhsa aonair" ar 30 Lúnasa, 1976.
Bhí an stíl damhsa aonair seo fós beo i gConamara agus Árainn, ach imithe i léig i gcuid mhaith sa gcuid eile den tír. Tá mé ag ceapadh, gurbh ag Seosamh Ó Cuaig a bhí an smaoineamh. Bhí Joe ar an gCoiste Áitiúil, agus bhí baint mhór aige le hOireachtas na nGael agus le na Cearta Sibhialta. Fágadh faoi thriúr againn - Seosamh Ó Cuaig, Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh agus mé féin - an oíche a eagrú.
Ach bhí fadhb againn nuair a bhí póstaer á leagadh amach; céard a thabharfadh muid ar an gcineál damhsa aonair a bhí i gceist? Ní fhéadfaí ‘Damhsa Gaelach’ a thabhairt air, cé gurbh fhéidir a rá go raibh sé chomh gaelach nó níos gaelaí ná stíl ar bith eile damhsa.
Ní raibh aon ainm coitianta ar an gcineál damhsa a bhí i gceist againn agus bhí orainn teideal intuigthe a cheapadh le cur ar an bpóstaer agus le cur i gClár an Oireachtais. ‘Amhránaíocht ar an Sean-Nós’ a bhíodh á thabhairt go coitianta ar an stíl amhránaíochta traidisiúnta a bhí, agus atá ag muintir na Gaeltachta, le hidirdhealú a dhéanamh idir é agus stíl amhránaíochta Gaeilge gan ornáidíocht a bhí coitianta i measc lucht na hathbheochana.
Leanadh sampla na hamhránaíochta agus le go bhféadfaí teideal nua a chumadh, agus baisteadh ‘Damhsa ar an Sean-Nós’ ar an stíl damhsa aonair a bhí le feiscint ag ócáidí poiblí i gConamara, sa dteach tábhairne, ar ardáin ag féilte is ag aontaí.
"TAISPEÁNTAS DAMHSA AR AN SEAN-NÓS i gcomhar le OIREACHTAS NA nGAEL" a bhí liostáilte i gclár oifigiúil an Oireachtais mar sin.
Seans maith gur ar Raidió na Gaeltachta a scaipeadh an scéal faoin oíche, ag tabhairt cuireadh do dhamhsóirí teacht i láthair agus a gcuid steipeanna a thaispeáint. Níor éirigh linn ach cúigear nó seisear a fháil le cúpla steip a dhéanamh.
De réir mo chuimhne, seo iad na damhsóirí a bhí ann: Cóilín Fhinnse Mac Donnacha ó Charna; Cóilín Joe Gorm ó Cheantar na nOileán; Pádraig Bradley ó Leitir Mealláin, Máirtín Beag Ó Gríofa ón gCeathrú Rua agus Pádraic Tom Pheadair Ó Gríofa as Cor na Rón.
An boscadóir Frank Mac Donncha ó Bhéal a’ Daingin a chuir an ceol ar fáil do na damhsóirí. Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh a rinne fear a’ tí agus de réir mo chuimhne rinne sé féin damhsa breá roimh dheireadh na hoíche i stíl Árann.
Bhí an-oíche ann. Nuair a bhí a gcuid déanta ag na damhsóirí aonair ar an sean-nós, thug Maidhc Phádraig Thaidhg Ó Chonghaile ón gCnoc agus a bhean Juidín na mBreathnaigh, taispeántas de roinnt damhsaí beirte: "Shoe the Donkey" agus "Johnny Will You Marry Me", más cuimhneach liom i gceart.
Glún nua damhsóirí ar an sean-nós
Deich mbliana ó shin, nuair a bhí comóradh 40 bliain á dhéanamh ar Oireachtas na Gaeilge 1976, crochadh plaic ar an mballa ag Tigh Chualáin, in aice an dorais ó thuaidh, le nach ndéanfar dearmad gur sa dteach sin a baisteadh an stíl damhsa aonair ar a dtugtar ‘Damhsa ar an Sean-Nós’ ó shin air.
Caoga bliain níos deireanaí is féidir a rá go bhfuil aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag an ‘Damhsa ar an Sean-Nós’ agus tóir air ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.
Roinnt seanleaids is mó a bhíodh ag déanamh damhsa ar an sean-nós, 50 bliain ó shin. Baintí spóirt is spraoi as iad a fheiceáil i mbun céapair damhsa ach ní mórán acu a bhí fanta agus is beag duine óg a fheictí dá chleachtadh, fiú dá mbeadh sé acu.
Má bhí na damhsóirí ar an sean-nós gann an uair i 1976, ní fhéadfaí sin a rá 50 bliain níos deireanaí. Tá glúin nua damhsóirí tagtha chun cinn ó shin, na céadta acu, buíochas do Phléaráca Chonamara agus d'Oireachtas na Gaeilge a chuir comórtas den Damhsa ar an Sean Nós ar chlár an Oireachtais i 1977, tar éis Oireachtas Chois Fharraige.
Ach is dócha gurb é an comórtas STEIP, a thaispeántar beo ar TG4, a thosaigh sa bhliain 2004, a chuir borradh nua faoi agus a spreag glúin nua damhsóirí ar an sean-nós teacht chun cinn, ó gach cearn den tír.
An síol a cuireadh an oíche úd i dTigh Chualáin, nach é a tháinig faoi bhláth?