Fógraíodh ag tús na seachtaine seo go gcuirfear seirbhís bhreise bus ar fáil idir cathair na Gaillimhe agus an Spidéal ar bhealach an 424.
Mar sheirbhís, tá an 424 chomh huafásach sin go bhfuil sí théis suntais chultúrtha ar leith a bhaint amach.
Sa bhfoilseachán seo an tseachtain seo caite, bhí agallamh ann leis an gceoltóir Peadar-Tom Mercier ó Trá Pháidín - banna ceoil a bhfuil théis albaim a eisiúint den teideal An 424.
Ar ndóigh san alt, ní raibh an dara rogha againne ach tagairt a dhéanamh don “tseirbhís bhus mhíchlúiteach a fhágann PTSD ar mhuintir Chonamara.”
Faoi láthair na huaire tá cónaí orm sa mbaile mór, is de ghnáth úsáidimse an carr am ar bith a bhfuil fonn orm dul siar go Conamara - rud a chiallaíonn go mbíonn deacracht ar leith a’am má tá fonn orm piontaí breátha a shlogadh siar agus mé ann.
Mar a deir an seanfhocal (nua-chumtha ); “Nach aoibhinn binneas an Guinness, ach faraor cuireann sé isteach ar an gcruinneas.”
Cúpla seachtain ó shin, chinn mé mar sin an carr a fhágáil sa mbaile mór agus bus an 424 a thógáil nuair a bhí mé ag dul go dtí an seisiún ceoil clúiteach bhíonns ar siúl oíche Déardaoin i dTigh Mholly, in Indreabhán.
Drabhlás a bhí i ndán dom - nó b’shin a bhí mé ag súil leis ar aon chuma. Áfach, nuair a rinne mé iarracht léimt ar an mbus, rith sé liom go mbeadh tionchar mór ag an gcóras iompair phoiblí ar mo chuid pléaráca.
Sheas mé go foighdeach ag stad bus an Phóirse Chaoch ag ceithre nóiméad théis a naoi (cé go dtosaíonn an seisiún ceoil in Indreabhán ag a naoi - ach sin an srian a bhaineann le sceideal an bhus ).
Bhuel, chomh cinnte is atá grian sa spéir, bíonn moill ar an 424. Thart ar fiche nóiméad níos déanaí, tháinig dhá bhus leis na huimhreacha “424” scríofa orthu i soilse oráiste - iontas na n-iontas.
Ar ndóigh bhí slua mór bailithe ag stad an bhus ag an bpointe seo - agus mearbhall ar chuile duine de bharr go raibh an dá bhus ann.
Thuirling tiománaí ó cheann de na busannaí. “Éinne atá ag dul níos faide siar ná na Forbacha, ba chóir daoibh dul ar an mbus eile,” a dúirt sé.
Ceart go leor mar sin - léim mé ar an mbus eile. Ní raibh mo chárta Leap a’am, agus bhí orm an táille a íocadh le hairgead tirim. Áfach ní raibh an tiománaí in ann ticéad a thabhairt dom de bharr go raibh an meaisín briste.
Fadhb ar bith - nó b’shin a cheap mé - agus shuí mé síos. Bhí mé i mo shuí ar feadh cúpla nóiméad ach aisteach go leor, níor fhág an bus.
Ansin go tobann, léim an tiománaí ón gcéad bus ar bord agus dúirt sé go raibh botún déanta - éinne a bhí ag dul níos faide siar ná na Forbacha, ba cheart dóibh a bheith ar an gcéad bus.
Bhuel thuirling mé den bhus, agus léim mé ar bord an ceann eile. Nuair a chas mé leis an tiománaí, d’iarr sé orm ticéad a cheannach.
Mhínigh mé dó gur íoc mé as mo thicéad cheana ach ní raibh admháil a’am de bharr go raibh an meaisín ar an mbus eile briste.
Ar ndóigh, spreag sé seo fiosrúchán mór fada agus bhí ar an tiománaí seic a dhéanamh leis tiománaí eile cé a bhí théis ticéad a cheannach cheana féin le hairgead tirim - próiseas a mhair os cionn fiche nóiméad eile.
Ar deireadh thiar thall, d’fhág an bus Gaillimh - beagnach uair a chloig déanach - agus shroich sé Tigh Mholly thart ar a haon déag a chlog.
Bhuel ní raibh an seans a’am ach mo chóta a bhaint díom, suí síos agus pionta amháin a shlogadh siar go sciobtha sular moladh dom fanacht taobh amuigh sa mbáisteach ar fhaitíos go gcaillfinn an bus deireanach den oíche a bhí ag dul soir.
Mallacht Dé ar an 424!