Féile Chois Fharraige

Beidh tuilleadh imeachtaí ar siúl aríst an deireadh seachtaine seo mar chuid d'Fhéile Chois Fharraige.

I mbliana, léireofar ómós do Johnny Chóil Mhaidhc, duine de mhór-phearsain Chois Fharraige a d'imigh ar shlí na fírinne 20 bliain ó shin.

Beidh an seó Johnny ar an ardán in Amharclann Cois Fharraige Dé Sathairn beag seo.

Mar chuid den imeacht seo, léireoidh Aisteoirí an Spidéil An Tincéara Buí, agus cuirfear sleachta as a chuid scríbhinní, idir phíosaí aithriseoireachta agus agallaimh bheirte chun ardáin mar chuid de.

Seolfaidh Cló Iar-Chonnacht Johnny Chóil Mhaidhc: Saothar Saoil, cnuasach dá chuid scríbhneoireachta mar chuid den oíche sin freisin.

Seo a leanas imeachtaí na féile an deireadh seachtaine seo.

Déardaoin

8.15 i.n. – Scannán: Báite. Amharclann Chois Fharraige. Ticéid €10. Ar fáil ag www.clubscannan.ie nó ag an doras.

Dé hAoine

11.00 r.n. – Maidin Chaife. An Crúiscín Lán, An Spidéal.

8.00 i.n. – Oíche Airneáin. Stiúideo Cuan. Becky Ní Éallaithe, Bríd Ní Mhaolchiaráin, Seán Ó Coisdealbha agus PJ Ó hIarnáin a bheidh i láthair.

Dé Sathairn

3.00 i.n–4.30 i.n – Ceardlann Ealaíne do ghasúir. Halla Scoil Éinne, An Spidéal. Deis don óige saothar ealaíne a chruthú le Sparkcatchers, i gcomhar le Muintearas agus BOOGR.

8in - Johnny. Amharclann Chois Fharraige. Ticéid €10 ar an doras nó glaoigh ar 083 010 6294 nó 086 065 5520.

Dé Domhnaigh

12.00 – Ceardlann Damhsa Sean-Nóis don óige. Tigh Chualáin, Coill Rua. Róisín Ní Mhainnín a bheidh i mbun na ceardlainne.

12.30 i.n.–2.30 i.n. – Siúlóid leis an staraí Cormac Ó Comhraí. Na Forbacha. Buailfear le chéile ag Óstán Chois Fharraige. Beidh cupán tae agus sólaistí ar fáil san óstán ina dhiaidh sin. I gcomhar le Club Iománaíochta Bearna/Na Forbacha.

7.00 i.n. – Faoi do Chois É: Damhsa ar an sean-nós@ 50 bliain. Tigh Chualáin, Coill Rua. Ócáid cheiliúrtha chun comóradh a dhéanamh ar 50 bliain ó eagraíodh an chéad taispeántas damhsa ar an sean-nós ag Tigh Chualáin, mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge in 1976. Fear an tí: Donncha Mac an Iomaire.

 

Page generated in 0.6675 seconds.