Féile Cartún na Gaillimhe

Seolfar Tarraing é i nGaeilge, imeacht de chuid Fhéile Cartún na Gaillimhe, ag 10.00r.n. maidin amárach, Dé hAoine 2 Deireadh Fómhair, i bPlámás ar Shráid Doiminic. Seo ócáid le haghaidh caife, líníocht agus sceitsí a dhéanamh i gcuideachta ealaíontóirí na féile.

Dé Domhnaigh rachaidh an fhéile go hInis Oírr, áit a mbeidh líníocht á dhéanamh ar an mbád farantóireachta. Beidh an imeacht Drink and Draw ar siúl i dTigh Ned, agus beidh an imeacht Where's Joey? - tóraíocht taisce chun teacht ar an ealaíontóir ó Hollywood, Joey Mason - ar siúl ar an oileán freisin.

Mar aon le sin beidh Gags as Gaeilge, cartúin nua trí mheán na Gaeilge, le taispeáint i gcathair na Gaillimhe agus ar Inis Oírr.

 

Page generated in 0.4449 seconds.