'Ní chloisfeá mórán sacsafón thiar i dTigh Lee'

Labhraíonn Trá Pháidín faoin albam nua atá á eisiúint acub an tseachtain seo

"Ní chloisfeá mórán sacsafón ag Féile Chuigéil, thiar i dTigh Lee. Ní tharlaíonn sé mórán sa mbaile," a deir an ceoltóir Peadar-Tom Mercier ón mbanna ceoil Trá Pháidín agus é ag gáire.

In ainneoin seo áfach, cé go mbaineann an banna úsáid as réimse leathan uirlisí le fuaim uathúil, éagsúil a chruthú, is léir go bhfuil ceol an bhanna fréamhaithe i gConamara Theas agus Cathair Chorcaí.

Eiseoidh an grúpa a n-albam nua Cloch ‘s Claí Dé hAoine beag seo - an lá céanna a mbeidh siad ag cur tús le camchuairt timpeall na tíre.

Chas ceoltóirí an bhanna le chéile agus iad ag seinm timpeall Chathair Chorcaí, áit a mbíonn an fhéile chlúiteach jazz gach bliain. Cé go bhfuil tionchar láidir ag an stíl seo ar stíl an bhanna, i ndáiríre ní maith le Trá Pháidín cur síos ró-shainniúil a dhéanamh ar a bhfuaim féin.

"Tarlaíonn sé sin le hochtar - bíonn a gcuid paisean agus a nádúr féin ag chuile duine - tá speictream eicínt sa mbanna," a deir Peadar-Tom.

"I ndáiríre, bímid ag déanamh ár ndícheall gan a bheith ag smaoineamh air agus díreach a bheith ag casadh an cheoil. Ach is dóigh, tagann sé go nádúrtha mar tá cúpla duine a thagann ó chúlra jazz, cúpla duine eile ó chúlra an cheoil thraidisiúnta, cúpla duine ó stíl "old-time" as Appalachia i Meiriceá.

"Bímid uileag ag éisteacht le chuile saghas ceoil. Bheadh muid an-tógtha le leithéidí John Coltrane, Alice Coltrane, Pharoah Sanders agus Sun Ra."

Áfach tá Trá Pháidín ag súil go mór leis tús a chur lena gcamchuairt nua an tseachtain seo, théis neart seachtainí a chaitheamh i nGaeltacht Dhún na nGall, ag taifeadadh a n-albam nua.

Tá an t-albam é féin bunaithe ar an seanchas a bhaineann le claíochaí bána i gConamara agus tugann sé léargas aorach ar an saol sa nGaeltacht - rud atá spreagtha go mór an leabhar An Béal Bocht, leis an údar clúiteach Myles na gCopaleen.

Díríonn sé ar théamaí áirithe a bhaineann le seo cosúil leis an gcur i gcéill, tithíocht, a pholaitíocht agus an t-ábhar a bhíonn le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta - ar ndóigh.

"Bhí fuinneamh leis, bhí gluaiseacht eicínt leis an rud uileag agus bhí an-chraic a'ainne é a chur le chéile" a deir Peadar-Tom faoin albam.

"Dá mbeadh do jab i gConamara, agus tá tú ag tiomáint uair a' chloig chuile maidin agus uair a' chloig chuile tráthnóna, agus tú ag breathnú thart, agus RnaG ag casadh agus thú ag éisteacht le chuile clár air, déarfainn go dtabharfadh sé neart inspioráide duit théis seachtaine."

Áfach, is léir nach gcuireann na téamaí seo srian ar chruthaitheacht agus spraoi an bhanna.

"Nílimid ró-chinnte an bhfuil muid ag rá tada leis an albam, nó céard atá sé ag rá. Ach tá sé déanta a'ainne anois agus b'fhéidir go ndearna muid chomh sciobtha sin nár thug muid aon airde ar," a deir Peadar-Tom go gealgháireach.

Tá trí albam taifeadta agus eisithe ag Trá Pháidín go dtí seo. Eisíodh a gcéad albam, Set a hAon, i 2019 agus tháinig a dara halbam Set a Dó amach i 2022. Ar ndóigh, ainmníodh tríú halbam an bhanna - An 424 - in ómós don tseirbhís bhus mhíchlúiteach a fhágann PTSD ar mhuintir Chonamara.

"Níl ag duine amháin sa mbanna an tráma sin, ceapaim," a deir Peadar-Tom agus é ag gáire. Is léir áfach gur maith leis an mbanna úsáid a bhaint as an ngreann áitiúil le nasc a chruthú idir a gceol agus Conamara.

Ar An 424, tá traic den teideal "ndáiríre tho, meastú cén fáth nach mbíonn signal ag an bhfón thart ar shiopa an phobail?" - ainm a théann i bhfeidhm ar aon duine a rinne iarracht úsáid a bhaint as an Tesco Clubcard ar an bhfón agus iad in Indreabhán.

"Bhí mé ag iarraidh cineáil niche a bhí ag baint leis na físeáin 'Seáinín Smaoiseach' a bhaint amach. Ní thuigfeadh aon duine eile é go brách, a rud féin atá ann is dócha," a deir Peadar-Tom.

Áfach, aithníonn an ceoltóir go difríochtaí suntasacha ann idir an ceol beo agus albam taifeadta. "Tá buntáistí ag an bpéire. Ar ndóigh tá míbhuntáistí ann freisin," a deir sé.

"Má tá rud eicínt taifeadta a'at, tá an seans a'at machnamh a dhéanamh air agus tú ag éisteacht siar leis. B'fhéidir nach bhfuil tú chomh srianta leis anois - bhfuil's a'at fadó, ní raibh ach micreafón amháin a'at agus seans amháin a'at ansin tá tú ar ais ar an mbus mura raibh sé taifeadta go maith a'at.

"Bhí an deis a'ainn an ceann ab fhearr linn a roghnú agus thar chúpla mí bhí muid in ann taifead a chur leis, leis na glórtha. Tá obair leis, tá sé níos mó mar chineál togra.

"Ach nuair atá tú ag casadh beo, d'fhéadfadh rud ar bith tarlú agus níl tú ag smaoineamh ar an gcaoi a bhfuil tú in ann dul siar air. Tá níos mó rudaí atá in ann dul san aer ach tá sé cruthaitheach i mbealach eile.

"Bhí an t-ádh orainne, ag roinnt mhaith gigeannaí bhí neart craic agus ruaille buaille ann. Ach leis an albam seo, beidh an chuid is mó do na gigeannaí suite agus beidh daoine ag éisteacht. Eispéireas áirithe a bheidh ann nach bhfaighfeá an t-am ar fad."

Beidh Trá Pháidín ag seinm i Seanscoil Sailearna, Indreabhán le tacaíocht ón mbanna Mise an Sliabh, Dé Sathairn, 26ú Meán Fómhair.

Beidh Trá Pháidín ag seinm freisin sa Taibhdhearc, Cathair na Gaillimhe, le tacaíocht ón gcruitire, amhránaí agus cumadóir Niamh O’Brien, Dé Sathairn, 3ú Dheireadh Fómhair.

 

Page generated in 0.4504 seconds.