Caitlín Ní Uallacháin ar stáitse i nGort Inse Guaire

Beidh an compántas drámaíochta Na Cleasaithe ag filleadh ar Chontae na Gaillimhe Dé Sathairn leis an dráma Caitlín Ní Uallacháin a chur ar stáitse i nGort Inse Guaire Dé Domhnaigh.

Léireofar an dráma i gCaisleán Thúr Bhaile Uí Laí, Gort Inse Guaire, mar chuid de Thionól Fómhair Gregory-Yeats. Is é seo an dara huair go mbeidh an léiriúchán seo - atá aistrithe ón mbundráma a scríobh an Bhantiarna Gregory - á chur ar stáitse i gContae na Gaillimhe ag Na Cleasaithe, tar éis dóibh é a dhéanamh in Áras na nGael i rith an tsamhraidh.

Is féidir ticéid a cheannach ag www.autumngathering.com

 

Page generated in 0.4714 seconds.