Sracfhéachaint le fáil ar shaothair nua sa Taibhdhearc

Beidh deis ag an bpobal sleachta as trí dhráma nua atá fós á scríobh a fheiceáil

Ar Oíche Chultúir, tabharfaidh Amharclann na Taibhdheirce cuireadh don phobal cuid de na saothair dhrámaíochta agus fhilíochta atá á fhorbairt mar chuid den chlár Taibhsín a fheiceáil.

Is clár forbartha d'ealaíontóirí é Taibhsín, a thugann tacaíocht do scríbhneoirí, amharclannóirí agus ealaíontóirí taibhithe a bhíonn ag obair ar thograí áirithe i gcomhar leis an Taibhdhearc.

Déanfar ceiliúradh ar an mbliain atá caite ag na healaíontóirí seo leis an amharclann agus beidh deis ag an lucht féachana breathnú ar radhairc as trí dhráma éagsúil atá á fhorbairt faoi láthair ag an triúr scríbhneoir Ciara Ní É, Louisa Ní Éideáin agus Seán Mac Dhonnagáin.

Em O’Ceallaigh a bheidh mar stiúrthóir ar na sleachta drámaíochta seo agus beidh na haisteoirí Ann Marie Horan agus Diarmuid de Faoite mar chuid den chliar.

Ina theannta sin, beidh filíocht ó bhéal á rá ag Ola Majekodunmi, mar chuid dá léiriúchán Litir do Mhacasamhail, agus cuirfidh an Taibhdhearc fístaifeadadh dó seo amach ar líne dóibh siúd nach bhfuil in ann a bheith i láthair.

Tugann an t-imeacht seo deis don lucht féachana saothair a fheiceáil ag uain chinniúnach - agus iad ag bogadh ó fhorbairt go léiriú. Beidh fáilte roimh dhaoine fanacht don imeacht ar fad nó freastal ar léirithe ar leith.

"An sprioc atá ag Taibhsín ná am, spás agus tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí chun saothair nua ardaidhmeannach a chruthú," a dúirt Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce.

"Le cothrom céad bliain na Taibhdheirce ag druidim linn i 2028, tá bród orainn go bhfuil guthanna nua agus saothair nua ag teacht as an bhfoirgneamh seo. Ba mhaith linn go mbeadh An Taibhdhearc mar lárionad do shaothair chomhaimseartha as Gaeilge, saothair a léiríonn na buanna, guthanna, agus taithí in Éirinn sa lá atá inniu ann."

I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl sa Taibhdhearc d'Oíche Chultúir, beidh an t-ealaíontóir luathbhlianta Clíodhna Noonan ag roinnt M’iníon sa Ghairdín, togra nua atá á fhorbairt aici le lucht féachana óg ó naíolanna áitiúla na cathrach maidin Dé hAoine.

Beidh ceol beo ó Emer O'Flaherty agus Philip Fogarty ar siúl sa Chaifé ag 5:30i.n, agus ag deireadh na hoíche beidh DJ Ferdilicious ag seinm san amharclann - rud a thabharfaidh deis don lucht féachana fanacht thart chun bualadh leis na healaíontóirí.

Tá ticéid do Taibhsín: Ó Bhrionglóid go Beo saor in aisce, ach ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré ag www.antaibhdhearc.com

 

Page generated in 0.6422 seconds.