Scoláireacht printíseachta Údarás na Gaeltachta

Is é amárach, Dé hAoine 18 Meán Fómhair, an spriocdháta d’iarratais do scéim na bprintíseach de chuid Údarás na Gaeltachta. Tá breis is 40 scoláireacht printíseachta, de luach níos mó ná €2,000, ar fáil ón Údarás chun tacú le daoine gur mian leo cáilíocht a bhaint amach.

Tacaíonn an scéim scoláireachta do phrintísigh le hiarrthóirí Gaeltachta, a bhfuil Gaeilge líofa acu, agus cuireann sé ar a gcumas cáilíocht a bhaint amach i gceann de na ceirdeanna atá aitheanta ag SOLAS.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.udaras.ie nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].

 

Page generated in 0.5780 seconds.