Tá an scéim Gníomhaí Gaeilge ag glacadh le léirithe spéise faoi láthair.
Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim í do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal agus dóibh siúd gur mhaith leo an Ghaeilge a úsáid níos minice.
Tá an scéim seo á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus maoinithe ag an Údarás Um Ard-Oideachas. Tá an tÚdarás um Ard-Oideachas ag tacú le Gníomhaí Gaeilge trí mhaoiniú €150,000 a chur ar fáil thar thréimhse trí bliana.
Cuirfear meantóir ar fáil do gach mac léinn a bheidh páirteach sa scéim chun tacú leo lena bplean oibre a ullmhú ag tús na bliana. Chomh maith leis sin, beidh Gradaim Gníomhaí Gaeilge buaite le dul chun cinn na bpleananna oibre le linn na bliana agus bronnfar teastas Gníomhaí Gaeilge ar mhic léinn atá páirteach sa scéim. Eagrófar sraith cheardlanna oiliúna chun scileanna breise a thabhairt do mhic léinn agus d’oifigigh.
Mar aon le léirithe spéise ó mhic léinn agus ó na Cumainn, cuirfear fáilte roimh léirithe spéise ó dhaoine eile ar suim leo feidhmiú mar mheantóir.
Má tá aon cheist agat maidir le Gníomhaí Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Comhordaitheoir na Scéime, Orlaith Ní Thuathaigh, ag [email protected].