Scoil Gheimhridh Mherriman 2011

Reáchtálfar Scoil Gheimhridh Mherriman an deireadh seachtaine seo romhainn san Óstán Meyrick. Beidh an scoil ag ceiliúradh na deartháireacha Brian agus Ciarán Ó Nualláin, beirt a d’fhág lorg láidir ar shaol agus ar scríbhneoireacht na Gaeilge.

Déanfaidh an tOllamh Nollaig Mac Congáil an scoil a oscailt ag 8.15in tráthnóna Aoine agus ansin tabharfaidh an Dr Regina Uí Chollatáin léacht ar Chiarán Ó Nualláin.

I measc na gcainteoirí eile a bheidh le cloisteáil le linn an deiridh seachtaine tá Máirtín Mac Donnchadha, Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Ray Mac Mánais, Séamas Mac Annaidh, Pádhraic Ó Ciardha, agus Mícheál Ó Meallaigh.

Beidh Club Mherriman ar siúl oíche Aoine agus Sathairn le ceol ó Johnny Connolly agus Mharcais Uí Iarnáin. Tá eolas iomlán le fáil ar www.merriman.ie

 

Page generated in 0.3563 seconds.