Post le PEIG.ie

Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin a chuirfidh fáilte isteach roimh an mbliain úr ó Óstán Lawlor’s i nDún Garbhán, Contae Phort Láirge, ar Oíche Chinn Bliana ar TG4. Ina dteannta beidh baill bhunaidh den bhanna Danú, Cór Fear na nDéise, Muintir Mhic Craith & Banna Céilí Thaobh na Mara. Beidh ceol freisin ó Thigh Mháire Luke i dTuar Mhic Éadaigh agus beidh bús ceoil i dTigh an tSaorsaigh ar an mBuailtín i gCorca Dhuibhne. Tá eolas faoi sceideal iomlán TG4 le fáil ar www.tg4.ie.

Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin a chuirfidh fáilte isteach roimh an mbliain úr ó Óstán Lawlor’s i nDún Garbhán, Contae Phort Láirge, ar Oíche Chinn Bliana ar TG4. Ina dteannta beidh baill bhunaidh den bhanna Danú, Cór Fear na nDéise, Muintir Mhic Craith & Banna Céilí Thaobh na Mara. Beidh ceol freisin ó Thigh Mháire Luke i dTuar Mhic Éadaigh agus beidh bús ceoil i dTigh an tSaorsaigh ar an mBuailtín i gCorca Dhuibhne. Tá eolas faoi sceideal iomlán TG4 le fáil ar www.tg4.ie.

Tá post mar Fhorbróir Ilmheáin & Meán Digiteacha, fógartha ag Conradh na Gaeilge ag obair ar an togra PEIG.ie ar feadh thréimhse shé mhí.

Beidh na dualgais seo a leanas ar an té a cheapfar: Uasdátú rialta ar an ardán ilmheán PEIG – imeachtaí, eolas don phobal, gréasán Caint & Comhrá agus eile; Eagarthóireacht a dhéanamh ar an nuachtlitir laethúil. Scéalta nuachta a bhailiú le chéile le cur in airde ar an ardán ilmheán go rialta; Inneachar nua-chruthaithe a chumadh, a dhearadh agus a phoibliú ar bhonn rialta; Láithreacht an ardáin a fhorbairt ar na meáin shóisialta, póstaeir a chruthú, srl.; Córas bunachar sonraí a bhainistiú agus a choinneáil cothrom le dáta; Eolaire gnó PEIG a riaradh agus a fhorbairt.

Ní mór go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge, scríofa agus labhartha go caighdeán TEG B2 ar a laghad, ag iarrthóirí mar aon le céim ábhartha nó a chomhionann de thaithí agus ardscileanna ríomhaireachta.

Beidh an post seo lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus ní mór d’iarrthóirí CV agus litir chumhdaigh a sheoladh chuig [email protected] roimh 11:00 ar an 15 Eanáir 2024.

Comórtas na Nollag Lár Sráide

Tá lear mór duaiseanna againn, urraithe ag Cló Iar-Chonnachta Teo., Gael Linn, TG4, Raidió na Gaeltachta, Móinín, Futa Fata agus Conradh na Gaeilge do léitheoirí Lár Sráide do chomórtas na Nollag. Tá idir dearbháin, leabhair, dlúthdhioscaí agus go leor eile le buachan. Is iad seo a leanas na ceisteanna.

1. Ainmnigh comhbhainisteoirí fhoireann sacair Gaillimh Aontaithe a bhain Craobh shacair Roinn a hAon i mbliana.

2. Cén t-ainm a bhí ar an stoirm a rinne dochar mór i gContae Chorcaí i lár mhí Dheireadh Fómhair seo caite?

3. Cén t-ainm atá ar an albam nua a sheol an banna ceoil The Rolling Stones i mbliana?

4. Cén t-ainm atá ar an tsraith ghrinn teilifíse, cruthaithe ag Lisa McGee, a bhain Gradam Emmy amach i mí na Samhna seo caite?

5. Cén t-ainm atá ar an scannán Gaeilge a bhain áit amach ar an ngearrliosta do na Gradaim Oscars i mbliana sa rannóg do scannáin idirnáisiúnta?

6. Ainmnigh aon duine de na himreoirí gailf ón tír seo a bhí ar fhoireann rathúil Chorn Ryder na bliana seo?

7. Ainmnigh an cainéal nua Gaeilge do pháistí a tháinig ar an aer ar TG4 i mbliana?

8. Ainmnigh an eagraíocht Ghaeltachta atá ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód i mbliana?

9. Ainmnigh an t-iriseoir ó Raidió na Gaeltachta a bhain Gradam Órga i gcomórtas náisiúnta raidió IMRO sa rannóg Craoltóireacht na Gaeilge don chlár faisnéise Snaoisín Bán?

10. Cén t-ainm atá ar an mball foirne de chuid RTÉ a tuairiscíodh i mbliana go raibh iasacht gluaisteán in aisce aige ó Toyota?

Tá go dtí Dé hAoine 12 Eanáir chun bhur bhfreagraí a sheoladh chuig Lár Sráide, Conradh na Gaeilge, 45 Sr Doiminic, nó [email protected] & [email protected].

Eolas chuig:

Peadar Mac Fhlannchadha

Conradh na Gaeilge

45 Sr. Doiminic, Gaillimh

Fón 091 567824 [email protected] www.arasnangael.ie

Foclóir

forbróir ilmheán multimedia developer

dualgais duties

gréasán network

inneachar contents

bunachar database

taithí experience

urraithe sponsored

dearbháin vouchers

sraith grinn comedy series

cruthaithe created

rathúil successful

iriseoir journalist

iasacht loan

 

Page generated in 0.2956 seconds.