Tá Fíbín ag lorg daoine cruthaitheachta Gaillimhe

Tá Fíbín sa Taibhdhearc i gcomhpháirt le Comhlacht Cultúir na Gaillimhe ag lorg iarratas ó ealaíontóirí chun “Scéal na Gaillimhe” a insint mar cheiliúradh ar 20 bliain ar an bhfód.

Tugtar cuireadh d’ealaíontóirí, do thaibheoirí, do dhéantóirí, do dhearthóirí, agus do dhaoine cruthaitheacha ó Chathair agus Chontae na Gaillimhe, atá ag obair trí mhéan na Gaeilge, páirt a ghlacadh i dtogra spreagúil a dhéanann ceiliúradh ar saibhreas cultúrtha na Gaillimhe.

Ba cheart go dtabharfaí cur síos gairid san iarratas ar aidhm an tionscadail, an ceantar lena mbaineann sé agus ar aon riachtanais speisialta a ghabhann leis.

“Táim ag tnúth go mór na smaointe éagsúla a fheiceáil don tionscadal seo,” - Stiúrthóir Cruthaitheach, Darach Ó Tuairisg.

Ba cheart tograí a chur faoi bhráid [email protected] roimh an spriocdháta Nollaig 15.

Chun fiosrúcháin nó eolas breise a fháil, déan teagmháil le [email protected].

 

Page generated in 0.1177 seconds.