Tabharfaidh Ceol na nOiléan TG4 cuairt ar oileáin álainn Chliara agus Inis Tuirc

Le tírdreach álainn an dá oileáin mar chúlra ag an gclár, tabharfaidh an clár deiridh seo sa t-sraith Ceol na nOileán léargas ar an tradisiún láidir boscadóireachta agus amhránaíochta atá ar an dá oileán. Beidh na boscadóirí cáiliúla as Cliara, Billy Gallagher agus Michael McNamara le feiceáil ar an gclár maraon le clan ceolmhar O’Toole as Inis Tuirc. Tabharfaidh amhráin ó Myles Ruddy, Anne O’Toole agus Patrick O’Toole léargas ar an tradisiún láidir amhránaíocht dúchasach atá ar an dá oileán. Léireoidh amhrán de chuid Niall McCabe an chaoi go bhfuil an tradisiún cumadóireachta sin beo i measc glúin óg an lae inniu.

Is sraith nuálach é Ceol na nOileán a thugann léargas ar an stair a bhaineann le traidisiún ceoil agus siamsaíochta oileáin faoi leith thart ar an gcósta, an chaoi ar fhorbair an tradisiún sin i rith na mblianta agus an staid ina bhfuil sé inniu. Tá an tírdreach sonrach a bhaineann le gach oileán mar eilimint ghníomhach i ngach clár agus taispeántar íomhanna tarraingteacha ó thimpeallacht an oileáin le cur le mothúcháin an phíosa ceoil nó an amhráin atá faoi chaibidil.

Le linn na dara sraithe seo, tabharfaidh Ceol na nOileán cuairt ar Oileán Reachrainne Aontroime, Oileán Chléire Chorcaigh, agus Oileán Árainn Mhór Dhún na nGall .

Beidh na cláir le feiceáil ar TG4 gach Domhnach ó 16ú Deireadh Fómhair ag 10.00in agus beidh athchraoladh gach Aoine ar an 21ú Deireadh Fómhair ag 8.30in.

 

Page generated in 0.1767 seconds.