Trasna na dTonnta

Cruthófar cibear-Ghaeltacht ar líne ó Dé Luain seo chugainn, 22 Eanáir, go dtí Dé hAoine 26 Eanáir mar thoradh ar thogra nua atá curtha ar bun ag Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada. Le linn na seachtaine seo tá siad ag iarraidh go mbeadh slua mór daoine ar fud an domhain, ag giolcaireacht as Gaeilge is ag úsáid an haischlib #TrasnaNadTonnta chomh minic agus is féidir.

Mar aon le daoine sa tír seo a spreagadh chun a bheith páirteach sa cibear-Ghaeltacht tá Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada ag iarraidh an scéal a scaipeadh ar dhaoine atá ina chónaí thar lear agus a bheith sásta páirt a ghlacadh freisin. Tá sé mar aidhm acu go mbeadh giolcacha á sheoladh ón iliomad tíortha ar fud an domhain. Níl ag teastáil ach go bhfuil dóthain Gaeilge acu le giolc simplí a sheoladh leis haischlib #TrasnaNadTonnta.

Mar sin má tá cairde nó gaolta agat in aon tír ar fud an domhain bí i dteagmháil leo chun iad a spreagadh le bheith páirteach san iarracht seo. Tá gach eolas ar fáil ag www.trasnanadtonnta.ie

Maoiníonn An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada.

 

Page generated in 0.3264 seconds.