Faoi Chaibidil ag RnaG

Tá tús curtha le clár nua cúrsaí reatha agus polaitíochta ar Raidió na Gaeltachta agus is í an t-iriseoir agus an craoltóir Áine Ní Chiaráin a chuireann an clár nua, Faoi Chaibidil, i láthair gach Domhnach ag 1.10in.

Bíonn plé, díospóireacht, anailís pholaitiúil, agus léirmheas ar na meáin Ghaeilge le cloisteáil sa tsraith nua seo agus bíonn painéal rialta aíonna ag an gclár, a chraoltar ó stiúideo Raidió na Gaeltachta i nDomhnach Broc, chomh maith le haoi-cholúnaí in aghaidh na seachtaine a thugann léargas pearsanta ar cheisteanna reatha polaitiúla agus cultúrtha. Caithfidh an clár súil ghrinn, leis, ar chúrsaí iriseoireachta sna meáin Ghaeilge earnáil a bhfuil borradh mór fúithi le blianta beaga anuas agus beidh tráchtaireacht agus tuairimíocht le fáil ar an gclár faoin gcaoi a bpléann na meáin Ghaeilge le scéalta na seachtaine.

Tá Áine Ní Chiaráin ina heagarthóir polaitíochta ar an nuachtán seachtainiúil Foinse agus tá taithí fhairsing aici ar chláir cúrsaí reatha agus na meáin Ghaeilge, idir chraoladh agus chló. D’oibrigh sí mar thuairisceoir agus mar láithreoir le RTÉ, TG4, agus le Raidió na Gaeltachta. Is as Contae Mhaigh Eo di agus tá cónaí uirthi i mBéal Easa. Is é Cearbhall Ó Síocháin léiritheoir an chláir.

 

Page generated in 0.2969 seconds.