Clár Cruthaitheachta na n-Óg 2026

Seoladh Clár Cruthaitheachta na n-Óg 2026 sa Spidéil, Dé Sathairn seo caite.

Tá Muintearas agus Comhpháirtíocht Chruthaitheach Óige GRETB ag obair le chéile mar chomhpháirtithe straitéiseacha cruthaitheacha chun tacú le healaíontóirí, oibrithe deonacha agus éascaitheoirí deiseanna cruthaitheacha faoi stiúir na hóige a fhorbairt do pháistí agus do dhaoine óga, rud a chuireann ar a gcumas páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha ar fud Ghaeltacht Chonamara agus Oileáin Árann.

Ar na Clubanna ó Chonamara agus Árainn a bhí i láthair, bhí Club Óige Réalt na Mara, Club Óige na mBeanna Beola, Club Óige Rónáin, Club Óige an Spidéil, Club Óige Inis Meáin, Club Óige Inis Oírr agus Club Óige Ros a Mhíl.

Bhí an seoladh seo dírithe ar an teaghlach ar fad agus cuireadh á thabhairt do chách teacht agus léargas a fháil ar an obair chruthaíochta atá déanta ag na Clubanna. Beidh an obair seo le feiceáil sa chéad choicís eile i dtaispeántas a bheidh ar siúl i bhfuinneoga na comhlachtaí áitiúla sa Spidéal.

Mar spreagadh breise bhí seacláid the agus caife le fáil ó Chaife Rúnda, Céilí le Cuisle agus Galway Trad Fest agus siúlóid ealaíne agus ceardlann le Sparkcatchers.

 

Page generated in 0.4200 seconds.