TG4 ag breathnú i dtreo an chéad 30 bliain eile

Bhí TG4 ag ceiliúradh 30 bliain ar an saol le linn an Oireachtais, iad ag breathnú siar agus ag breathnú chun cinn ar na forbairtí atá de dhíth don tréimhse atá amach roimh an stáisiún.

Mar chruthúnas ar rath na seirbhíse sa tríocha bliain atá caite thrácht Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4 ar an méid a bhí le rá Michael D Higgins, an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am, ar oíche na hoscailte.

Dúirt sí, “Táim ag tnúth leis an am a bheidh Teilifís na Gaeilge ina rogha, ní hamháin i measc na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge mar a dteanga laethúil ach freisin i measc thromlach phobal na tíre atá fabhrach don teanga agus a aithníonn a sainiúlacht agus a tábhacht bhunúsach mar chuid dár gcultúr.”

“Nuair a seoladh TnaG, cuireadh tús le ré nua spreagúil don Ghaeilge ó thaobh na cruthaitheachta agus an aitheantais chultúir. Mar Ard-Stiúrthóir ar TG4, ní hamháin go bhfuil sé de phribhléid agam súil a chaitheamh siar ar an scéal TG4 go dtí seo, ach tá sé de fhreagracht orm freisin a chinntiú go bhfuil TG4 ullamh don todhchaí dhigiteach."

"Tá athrú ó bhun tagtha ar an tírdhreach meán cumarsáide ó bunaíodh an stáisiún in 1996 ach tá an cuspóir atá againn chomh tábhachtach is a bhí riamh: freastal ar an lucht féachana le hábhar Gaeilge sainiúil agus ar ardchaighdeán agus a chinntiú go bhfuil áit lárnach ag TG4 i saol an lae inniu.”

Mar chuid den chlár oibre seo sheol TG4 mórfheachtas nua do Súil Eile chomh maith le TG4+, leagan nuadheartha de sheinnteoir TG4, ag an Oireachtas. Tá forbairt shuntasach eile ar an mbealach freisin le seirbhís nuachta digití Nuacht TG4 le seoladh roimh dheireadh na bliana agus leanfar le forbairt Cúla4 mar chainéal don óige. Dar le TG4 Is léiriú iad na nithe sin ar fad ar na céimeanna móra atá glactha ag

TG4 chun ullmhú don todhchaí agus gur léiriú iad freisin ar uaillmhian TG4 don 30 bliain atá le teacht.

Rinne TG4 coimisiúnú i mbliana ar thaighde ó Bricolage, gníomhaireacht taighde margaidh, chun cuidiú leo tuiscint a fháil ar mhianta agus an méid a theastaíonn ó lucht féachana TG4, agus ar na nithe a spreagann iad agus mar a mhothaíonn siad ag féachaint ar ábhar TG4.

Ceann de na torthaí ba spreagúla ná gur mhothaigh an lucht féachana bródúil ag féachaint ar TG4. Ar fud na ngrúpaí lucht féachana ar fad, is siamsaíocht agus giúmar a smachtú bhí chun cinn mar na riachtanais is mó.

Tá sé beartaithe ag an stáisiún torthaí an taighde a úsáid maidir leis an gcaoi a dtabharfar faoi straitéis ábhair, sceidealú, margaíocht agus láithreacht bhranda amach anseo.

Beidh ar TG4 tabhairt faoin gclár oibre seo in ainneoin easpa tacaíochta cuí ón Rialtas. B’ábhar mór díomá é don stáisiún nár tugadh aon mhaoiniú breise dóibh tráth a fógraíodh cáinaisnéis 2027.

Bhí éileamh déanta acu ar ardú bhuiséad bunaithe ar phlé le Coimisiún na Meáin faoi fhorbairt an stáisiúin. Is fada pobal na Gaeilge ag déanamh comparáide idir mhaoiniú TG4 agus an cainéal S4C sa Bhreatain Bheag, a fhaigheann maoiniú breis agus €100 milliún sa bhliain.

Cé go bhfuil an ról céanna ag TG4, ní fhaigheann an stáisiún ach €65.5 milliún sa bhliain.

 

Page generated in 0.1055 seconds.