An Ghaeltacht ina limistéir nuálaíochta náisiúnta

Ceannaireacht na nÓg, inmharthanacht phobail, agus an fhostaíocht atá mar chroílár plean straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2026-2030.

Rinne Dara Calleary, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an plean a sheoladh an deireadh seachtaine seo caite ag Oireachtas na Samhna.

Tá béim faoi leith sa phlean straitéiseach ar chúrsaí nuálaíochta, agus an Ghaeltacht ainmnithe mar Limistéir Nuálaíochta Náisiúnta, áit a mbeidh an deis ann polasaithe náisiúnta a chur i bhfeidhm ar bhonn píolótach

Anuas air sin, tá sé mar aidhm sa straitéis go mbeadh 30 comhlacht ar cheann na nuálaíochta á chruthú ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga oibre.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, "Is é croí na straitéise seo líon na ndeiseanna cainte Gaeilge a mhéadú agus cur le hinmharthanacht na bpobal Gaeltachta. Ní féidir todhchaí na Gaeilge a scaradh ó thodhchaí eacnamaíoch agus shóisialta na Gaeltachta."

"Trí infheistíocht sa teanga, san aos óg, sa nuálaíocht, sa phobal agus san fhostaíocht, táimid ag leagan bunchloch láidir don chéad ghlúin eile agus ag cinntiú go mbeidh an Ghaeltacht ina háit bhríomhar chun cónaí, obair agus gnó a dhéanamh inti."

Faoi láthair tá 9,716 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis agus deirtear go ndíreoidh an straitéis nua ar chaighdeán agus líon na bpost sin a mhéadú agus iad dírithe ar scileanna phobal na Gaeltachta.

Beidh béim ar leith ar tháirgiúlacht na gcomhlachtaí sin, go mbeidh teacht aniar iontu agus go mbeidh siad seasmhach i ndomhain atá de shíor ag athrú.

Beidh deis tógáil ar bhuntáistí agus acmhainní nádúrtha na Gaeltachta in earnálacha a bhfuil fás i ndán dóibh, ar nós fuinneamh in-athnuaite, teanga, teicneolaíocht agus taighde.

Beidh béim ar thacaíocht do chomhlachtaí iad féin a ullmhú do dhúshláin na todhchaí. Moltar go n-ardófar ráta úsáide na moil dhigiteach go 70% agus tacófar le 50 printíseach in aghaidh na bliana go dtí 2030.

De réir fhigiúirí Údarás na Gaeltachta cruthaíodh beagnach 2,000 post nua i gcliantchomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás ó 2021 i leith.

Tá 9,716 duine fostaithe sna comhlachtaí sin anois, agus tá díolachán breis is €1 billiún bainte amach acu.

Le linn na tréimhse céanna, infheistíodh €65 milliún i dtionscadail chaipitil agus méadaíodh maoiniú an Chiste Forbartha Pobail faoi 58%.

Forbraíodh an straitéis i ndiaidh próiseas cuimsitheach comhairliúcháin le pobail, eagraíochtaí forbartha pobail, gnólachtaí agus páirtithe leasmhara ar fud na Gaeltachta.

 

Page generated in 0.0765 seconds.