Oíche scéalaíochta le hAindrias de Staic

Oíche Shamhna i mbliana beidh an seanchaí mór le rá Aindrias de Staic ag teacht go hAmharclann Halla na Cathrach, Gaillimh, mar chuid dá chamchuairt Night of the Silvery Moon.

Beidh cuid de na scéalta traidisiúnta Éireannacha is scanrúla á rá aige agus ar ndóigh beidh sé ag cur go mór leis an atmaisféar le ceol breá ar an bhfidil.

Ina theannta sin, beidh Aindrias le feiceáil ar stáitse in éindí leis an gcláirseoir agus seinnteoir consairtín, Aisling Lyons, agus an ceoltóir Brian Fleming ar an mbodhrán.

Tá na scéalta a deir Aindrias fréamhaithe i bpiseogaí Iarthar an Chláir.

Is féidir ticéid a cheannach ar www.aindrias.com/upcomming-events

 

Page generated in 1.1820 seconds.