Clann Lir s’againne ar Abhainn na Gaillimhe

Agus an colún seo á scríobh, tá Páras na Fraince agus Milano na hIodáile ina lasracha. I bhfad ón gclampar sin, airímse go bhfuil an t-ádh dearg ar mhuintir chathair na Gaillimhe go bhfuil an deis acub suaimhneas breá a aimsiú i lár an bhaile mhóir.

Le cúpla mí anuas táimse théis suim a chur sna héin eala óga a bhíonn le feiceáil ar snámh ar Abhainn na Gaillimhe idir Droichead na mBradán agus an club rámhaíochta.

Bíonn grúpa de cheithre éan óga ann go minic agus feicimse iad nuair a bhímse ag siúl chun na hoibre ar maidin nó ag tíocht abhaile um thráthnóna.

Sa lá atá inniu ann, tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar an dúlra agus muid ag breathnú síoraí seasta ar an bhfón nó an ríomhaire. Ach is rud nádúrtha agus sláintiúil é a bheith amuigh faoin aer agus machnamh a dhéanamh ar an domhan mórthimpeall orainne.

Le déanaí, chonaic mé na healaí óga seo i ngrúpa ina n-aonar den chéad uair ariamh - agus iad beagnach chomh mór lena dtuismitheoirí anois cé go bhfuil dath liath agus donn fós ar a gcleití.

Is cuimhin liom nuair a chonaic mé iad den chéad uair i rith an tsamhraidh go mbíodh siad beag bídeach.

Ag deireadh an fhómhair nó go luath sa gheimhreadh, tosaíonn na héin ag léiriú a gcuid neamhspleáchais agus bíonn siad ag spaisteoireacht gan a dtuismitheoirí cé go mbíonn teagmháil rialta acub leo fós.

Áfach i rith an gheimhridh nó san earrach a fhágann na héin óga a dtuismitheoirí. Níos déanaí san earrach tiocfaidh dath bán ar na healaí óga agus iad thart ar aon bhliain d’aois. Tógfaidh sé bliain eile orthu sula mbeidh siad in ann páirtnéir a aimsiú le péire pórúcháin a dhéanamh.

Áfach, ní bheidh na healaí óga a n-éin féin a shíolrú go dtí go mbeidh siad thart ar trí nó ceithre bhliain d’aois - an méid ama a thógann sé orthu a bheith iomlán aibí.

Tá rud eicínt deas faoi ghrúpa de cheithre eala óga. Samhlaím anois ‘s aríst nuair a fheicimse iad agus mé ag siúl chun na hoibre ar maidin go bhfuil siad cosúil leis na healaí ó Chlann Lir - cé nar chaith siad mórán ama i gContae na Gaillimhe de réir an fhinscéil!

 

Page generated in 0.4355 seconds.