'An heileacaptar deireanach amach as Carna'

Tugann léiriúchán stáitse nua léargas ealaíonta ar eispéireas an 424

Grianghraf cáiliúil Hubert Van Es den heileacaptar i Saigon

Grianghraf cáiliúil Hubert Van Es den heileacaptar i Saigon

Ar an 29ú Aibreán 1975, thóg an fóta-iriseoir Ollannach, Hubert Van Es, ceann de na grianghrafanna ba cháiliúla ó Chogadh Vítneam. Bhí fórsaí an tuaiscirt ar tí seilbh a ghlacadh ar chathair Saigon le deireadh a chur leis an gcogadh. Ar ndóigh thuig trúpaí Mheiriceá céard a bhí i ndán dóibh agus shocraigh siad an chathair a fhágáil.

Bhailigh oifigigh de chuid an CIA agus scaifte sibhialtaigh ar dhíon bhloc oifigí, áit a raibh heileacaptar Meiriceánach ag fanacht orthu. B'shin an t-aon seans a bhí ag na daoine seo éalú ó Saigon sula ngabhadh an chathair agus thapaigh Van Es leis an deis pictiúr drámatúil a thógáil den suíomh stairiúil seo.

Is léir go dtéann an íomhá cháiliúil seo go mór i bhfeidhm ar mhuintir Charna. Ar ndóigh, níl ach deis amháin in aghaidh an lae acub éalú ón mbaile más rud é go mbraitheann siad ar sheirbhís bhus an 424.

Fágann bus amháin an sráidbhaile ag 6.50rn ar maidin agus filleann ceann eile ag 7:17in um thráthnóna (bhuel sin a deir sceideal an bhus ar aon chuma, cé nach mbíonn sé le trust i gcónaí ).

"Sin an heileacaptar deireanach amach as Carna. Bus amach agus isteach, sin a bhfuil ann," a deir an file Laoighseach Ní Choistealbha go gonta.

Is as Dún na nGall ó dhúchas í Laoighseach ach tá sí ag cur fúithi i gCarna le trí bliana anuas anois. Beidh sí ag glacadh páirte i léiriúchán stáitse atá bunaithe ar bhus an 424 go luath mar chuid d'fhéile litríochta IMRAM.

Tabharfaidh An 424: An Bus go dtí an Ghealchathair deis don lucht féachana dul ar aistear samhailteach ó thógann iad ó dhorchadas na maidine thiar i gCarna, tríd bhóithre casta Chonamara, go dtí an baile mór. Mar chuid den seó, beidh Laoighseach ag léamh saothair nua dá cuid atá bunaithe ar a turais ar bhus an 424, in éindí leis an úrscéalaí Jackie Mac Donncha as Cill Chiaráin, agus an craoltóir Cúán de Búrca, as Baile Átha Cliath.

Ina theannta sin, beidh an banna ceoil Trá Pháidín i láthair freisin le ceol a sheinnt óna n-albam An 424, agus cuirfidh an craoltóir agus scannánóir Donal Dineen íomhánna ar fáil.

Creideann Laoighseach go bhfuil suntas cultúrtha ar leith ag baint le bus an 424 i gConamara agus níos faide i gcéin.

"Tá mé cinnte anois go dtráchtar ar an 424 sa litríocht agus sna hamhráin, cé nach bhfuil suirbhé déanta agam," a deir sí.

"Tá go leor dánta scríofa agamsa faoin 424. Bhí cúpla ceann acu i mo chnuasach deireanach. Má tá an fhilíocht bunaithe ar do shaol, agus tá an 424 mar chuid de do shaol, cinnte tiocfaidh sé amach sna dánta.

“Is dócha go bhfuil stádas faoi leith aige mar gheall gurb é an bus idir Conamara agus an ghealchathair. Bíonn go leor de mhuintir Chonamara air. D’fheicfeá seandaoine ag dul isteach go Dunnes, nó daoine a bheadh ag obair sna tithe altranais nó na mic léinn. Amantaí daoine a bhíonn ag freastal ar na cúrsaí Gaeltachta, agus turasóirí freisin. Iompaíonn sé go leor rudaí isteach agus amach."

Feiceann Laoighseach áfach go bhfuil na hathruithe atá théis teacht ar líon na bpaisinéirí ar an 424 in ann léargas áirithe a thabhairt dúinn ar chúrsaí an tsaoil.

"Tá i bhfad níos mó mac léinn ar anois toisc go bhfuil lóistín na cathrach chomh daor sin - tá i bhfad níos mó daoine ag fanacht sa bhaile," a deir sí.

"Le linn an téarma ollscoile bíonn an bus go hiomlán plódaithe. Fiú ar bhus Charna, bheadh daoine ar an mbus gach lá ag dul isteach ag an ollscoil agus sin turas dhá uair a chloig ar maidin."

Ar ndóigh, mar a thuigeann éinne a thaistealaíonn ar an 424 go rialta, bíonn an iliomad caraictéirí suimiúla ar an mbus sin agus is minic a tharlaíonn neart eachtraí spleodracha ar bord - go mór mór i rith na hoíche nuair atá braon nó dhó slogtha siar ag cuid de na paisinéirí.

"D’fhéadfadh rud ar bith tarlú. Uair amháin fuair mise an bus ag a naoi, agus bhí cineál cóisir bheag ar an mbus. Bhí amhráin ar an sean-nós ann, bhí daoine ag déanamh steip. Bhí sé go hiomlán in éadan 'health and safety', ach cén dochar?” a deir Laoighseach.

“Tharla sé uair amháin gur cheap mé go bhfaca mé taibhse. Bhí mé ag fanacht leis an mbus i gCarna sa gheimhreadh agus níl aon solas sráide ann. Mhothaigh mé duine ag teacht i mo threo agus bhreathnaigh mé ar an duine sin.

"Ní dúirt siad tada liom agus shiúil siad tharam. Agus dúirt mé, ‘An bhfuil mise ag briongláideach anseo nó an bhfuil duine anseo’. Ansin tháinig an bus agus ní raibh mé cinnte an raibh taibhse feicthe agamsa, ach bhí sé thar a bheith aisteach. Bhí sé spooky-eáilte, thar a bheith oiriúnach don tréimhse seo den bhliain."

Léireofar an seó don chéad uair ag 7:30in, Dé hAoine, 13 Samhain in Amharclann Smock Alley, Baile Átha Cliath. Tá ticéid €15/12 ar fáil ag https://shorturl.at/O7xrM (smockalley.com )

Léireofar an seó i nGaillimh in Amharclann Mick Lally mar chuid de TONNTA 2027 ar 7:30in, Dé hAoine, 29 Eanáir, ticéid €22 ag https://shorturl.at/OI2Fo (tonnta.eu )

 

Page generated in 1.7801 seconds.