Féile Raifteirí i mBaile Locha Riach

Tá béim mhór ar chúrsaí litríochta ag Féile Raifteirí, le comórtas filíochta do dhaoine fásta agus maidin fhilíochta le hAifric Mac Aodha. Beidh an ócáid ar siúl i Comworks i mBaile Locha Riach, Dé Sathairn ag 10.00 r.n.

Um thrathnóna beidh ceolchoirm na Féile lena ceoltóirí Pádraic Keane agus Conor Connolly, an damhsóir ar an sean-nós Seosamh Ó Neachtain agus Loinneog, grúpa amhránaithe ó Chois Fharraige.

Beidh an cheolchoirm ar siúl i Séipéal Mount Carmel ag 8i.n, agus beidh Aifric Mac Aodha mar aoi speisialta freisin.

 

Page generated in 0.4793 seconds.