Na Gradaim Foilsitheoireachta a chuireann barr maise ar an scéal

Bhí bús iontach sa Taibhdhearc nuair a chruinnigh lucht liteartha na Gaeilge le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar na leabhair is fearr a foilsíodh le bliain anuas, Dé Céadaoin, an tseachtain seo caite.

Bhí lán tí ann idir scríbhneoirí, foilsitheoirí, maisitheoirí, léitheoirí, léirmheastóirí, iriseoirí, eagarthóirí agus eile agus iad ar tinneall chun foghlaim cé a chrochfadh leo Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais, i gcomhar le Foras na Gaeilge agus Love Leabhar Gaeilge.

Ní leor scéal maith amháin chun gradaim mar seo a bhuachan Tá moltóirí an chomórtais ag súil le hábhar oiriúnach don spriocmhargadh, dearadh tarraingteach, téacs dhea-scríofa agus sothuigthe, eagarthóireacht chruinn, agus leabhar tarraingteach don mhargadh.

Dúirt leascheannasaí an Oireachtais, Louise Ní Dháibhéid, go bhfuil i bhfad níos mó ná focail ar leathanaigh i gceist agus mhol sí an creideamh atá léirithe ag lucht na leabhar “go bhfuil scéalta againn ar fiú iad a insint, agus go bhfuil an Ghaeilge sách saibhir, sách beo agus sách uaillmhianach chun iad a insint.”

Dúirt Uachtarán an Oireachtais Áine Ní Ghlinn, mar iarbhuaiteoir agus iar-ainmnitheach na ngradam í féin, gur onóir dhochreidte é a bheith ar an ngearrliosta – é ar nós císte blasta – ach gurb é an reoán ar an gcíste is blasta ar fad an duais iomlán a bhuachaint.

Bronnadh Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile ) ar An Saol Sona, aistrithe ón mbunsaothar Fraincise ag Máirín Ní Mhárta agus foilsithe ag Barzaz. Scéal daonna faoi fhear atá ag crosbhóthar ina shaol ag déileáil le brú oibre, teannas teaghlaigh agus a fhéiniúlacht féin.

Bhí cúis cheiliúrtha eile ag Tadhg Mac Dhonnagáin agus foireann Futa Fata/Barzaz nuair a bhuaigh an leabhar Puisín na mBróg Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg ). Tá an leabhar samhlaíoch greannmhar seo scríofa ag Fearghas Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy Donnelly agus dúirt Tadhg go bhfuil siad an-mhórálach as an tsraith leabhair áirithe seo – sraith a léiríonn na scéalta clasaiceacha i bhfoirm véarsaíochta.

Tá traidisiúin ársa na scéalaíochta go mór chun tosaigh sa leabhar a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta ) i mbliana. Sin é an leabhar saibhir scéalta Maith thú a Mhicí foilsithe ag Éabhlóid. Bailiúcháin de scéalta ón seanchaí Micí Sheáin Néill Ó Baoill atá ann ina bhfuil scéalta faoi ríthe agus faoi laochra, síoga agus go leor eile.

Dúirt Eoghan Mac Giolla Bhríde, stiúrthóir Éabhlóid, go bhfuil an leabhar seo lán scéaltaí speisialta atá lán-spraoi, fantaisíocht agus samhlaíocht – scéalta a théann i gcion go mór ar dhaoine.

Ag deireadh na hoíche bhain an slua taitneamh as na sólaistí blasta a bhí curtha ar fáil ag Pota Café agus gach duine ag déanamh comhghairdis leis na buaiteoirí agus na hainmnithigh araon.

Bhí atmaisféar meidhreach, cairdiúil san oíche agus é soiléir go bhfuil borradh faoi earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair leis an méid is mó tithe foilsitheoireachta riamh ar ghearrliosta na bliana seo. Cúis dóchais sin cinnte agus muid ag treabhadh in aghaidh a leithéid d’intleacht shaorga.

Mar sin, bígí ag coinneáil súil amach do na leabhair bhuaiteacha agus do na leabhair ainmnithe agus tú sa siopa leabhar nó sa leabharlann as seo amach!

Is féidir tuilleadh eolais faoi bhuaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta a fháil ag LoveLeabharGaeilge.ie

 

Page generated in 0.4880 seconds.