Scoláireacht ar fáil do mhic léinn Mhaigh Eo

Buaiteoirí Scoláireacht Chuimhneacháin Oonagh Bean Uí Shúilleabháin, Ce’Nedra Cullen-O'Brien agus Eibhlín Gallagher

Buaiteoirí Scoláireacht Chuimhneacháin Oonagh Bean Uí Shúilleabháin, Ce’Nedra Cullen-O'Brien agus Eibhlín Gallagher

Is féidir le mic léinn tríú leibhéal as Contae Mhaigh Eo atá gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge sa phobal nó sna healaíona cur isteach ar Scoláireacht Chuimhneacháin Oonagh Bean Uí Shúilleabháin (Ní Chéileachair ).

Gheobhaidh an t-iarratasóir rathúil sparánacht €3,000 don tréimhse 2026-2028, arna maoiniú ag Éire Ildánach, chomh maith le trófaí buan agus tacaíocht forbartha ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo

Bhunaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo an scoláireacht seo i gcuimhne ar an iar-Oifigeach Gaeilge, Oonagh Bean Uí Shúilleabháin (Ní Chéilleachair ). Bhí dea-cháil ar Iníon Uí Shúilleabháin sa gcontae mar gheall ar a tiomantas do rannpháirtíocht sa Ghaeilge a mhéadú agus ar theacht, ionchuimsiú agus deiseanna cruthaitheacha a chur chun cinn do phobail ar fud Mhaigh Eo.

Ní mór go mbeadh iarratasóirí cláraithe ar chlár oideachais tríú leibhéal lánaimseartha don bhliain acadúil 2026-2028. Freisin, tá an scoláireacht dírithe ar iarratasóirí gurb as Contae Mhaigh Eo dóibh, nó atá ina gcónaí sa gcontae.

Ní mór foirmeacha comhlánaithe a chur isteach roimh 12:00 meán lae, Dé hAoine, 25 Meán Fómhair. Is féidir iarratas a dhéanamh nó tuilleadh eolais a fháil ar www.mayo.ie/oifignagaeilge

 

Page generated in 0.5644 seconds.