Cuirfear tús le Féile Siúlóid Charna tráthnóna amárach agus beidh fáilte roimh shiúlóirí páirt a ghlacadh i réimse leathan imeachtaí.
Is féidir le rannpháirtithe bualadh le chéile ag Teach Ghlinngse ag 6in Dé hAoine, agus cuirfear tús le siúlóid timpeall Lúibín Chnoc a' Choillín.
Seolfar an fhéile níos déanaí i dTigh Mheaic ag 8.15in, áit a mbeidh sólaistí ar fáil.
Beidh siúlóid chladaigh threoraithe timpeall Lúibín Mhaírois chomh maith le siúlóid timpeall Crannóg Loch Scainimh Dé Sathairn.
Ina theannta sin, beidh caint faoi Naomh Mac Dara agus an t-oileán atá ainmnithe in ómós dó i dTeach Ghlinnsge ag 8.30in an lá céanna.
Dé Domhnaigh, beidh siúlóid threoraithe go hOileán Fhínis.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Facebook, nó is féidir glaoch a chur ar an uimhir 087-6548950 nó ar 087-9093273.