Ar dhroichead an iarnróid thar Loch an tSáile i gCathair na Gaillimhe a bhí mé tráthnóna Dé hAoine seo caite, ag baint sméara dubha sa mbáisteach mar leadhb ceart nuair a bhí cuid mhór den phobal ag baint taitnimh as na himeachtaí a bhí ar siúl d’Oíche Chultúir.
Faraor bhí na sméara dubha ab fhearr den bhliain imithe, ‘s ní raibh ann ach sméara beaga suaracha don chuid is mó (agus grán dubh ar chuid mhaith acub chomh maith ).
Áfach bhí sé socraithe a’am cur isteach ar an gcomórtas bácála ag Féile na bPuiteachaí in Inis Meáin an lá arna mhárach, agus de réir na rialacha, bhí orm cúpla sméar dhubh a aimsiú don cháca milis a bhí á dhéanamh a’am.
Go bhfios dom, mise an t-aon duine ón mórthír a chuir isteach ar an gcomórtas i mbliana agus chomh luath is a thuirling mé den bhád thuig mé cén fáth.
Ní amháin gur phian sa tóin a bhí ann cáca milis a iompair thar farraigí suaite, ach nuair a leag mé cos ar an oileán, an chéad rud a thug mé faoi deara ná an chodarsnacht a bhí ann idir sméara suaracha na mórthíre agus na sméara móra, súmhara a bhí le fáil in Inis Meáin.
Tá mé ag ceapadh go mbaineann sé seo le tírdhreach éagsúil an oileáin. Súnn an aolchloch a chlúdaíonn Inis Meáin teas na gréine isteach agus cuidíonn sé seo le na driseachaí sméara breátha, móra a fhás.
Táimse ag cur fúm faoi láthair na huaire sa mbaile mór agus bímse ag obair taobh istigh don chuid is mó. Mar sin, sílim go bhfuil sé fiúntach ó am go chéile teagmháil eicínt a bheith a’am leis an dúlra atá mórthimpeall orm.
In ainneoin na háilleachta a bhaineann le dúlra an oileáin, caithfear dul taobh istigh le cuid de na seoda is áille ann a fheiceáil áfach.
Tógadh Séipéal Mhuire gan Smál agus Eoin Baiste in Inis Meáin 1939 agus tá na ballaí taobh istigh maisithe le fuinneogaí daite a bhí deartha ag Stiúideo Harry Clarke.
Bhain Harry Clarke clú agus cáil amach mar cheann de na healaíontóirí gloine dhaite ab fhearr in Éirinn ag tús an 20ú haois agus is léir go bhfuil grá ag muintir na tíre ar a chuid oibre sa lá atá inniu ann fós.
Cé go bhfuair Clarke bás i 1931, sular tógadh an séipéal, lean an stiúideo a bhunaigh sé ar aghaidh ag cruthú fuinneogaí sa stíl ornáideach, chéanna a d’fhorbair sé ina shaothair féin.
Richard King a bhí mar bhainisteoir ar an stiúideo nuair a tógadh an séipéal in Inis Meáin agus eisean an t-ealaíontóir a dhear na fuinneogaí ann. Cé nár bhain King an cháil chéanna amach is a bhain Clarke, tá ard-mheas air fós agus tá cuid dá shaothair le feiceáil in Ardeaglais Naomh Mél i mbaile an Longfoirt.
Seans nach bhfuil na fuinneogaí in Inis Meáin chomh sonrach is mar atá cuid de na saothair a chruthaigh Clarke é féin, ach éiríonn leo fós atmaisféar mistéireach, neamhshaolta a chruthú le stíl a dhéanann ceangal idir aeistéitic atá réasúnta nua-aimseartha agus an saol ársa.
Tá na figiúirí sna fuinneogaí thar a bheith ard agus tanaí, agus tarraingíonn na scáthanna atá timpeall a súile móra agus idir na cnámha faoina gcraiceann aird ar an gcaoi a dtiteann an solas orthu. Ina theannta sin, cuireann na dathanna geala agus na maisiúcháin ornáideacha a bhíonn le feiceáil ar éadach na bhfigiúirí agus sa gcúlra go mór le stíl dhrámatúil na n-íomhánna.
Tá sé suimiúil an chaoi go mbíonn íomhá den Mhaighdean Mhuire agus Íosagán ina lámha aici le feiceáil sa bpríomh-fhuinneog atá in airde thar an altóir - áit a mbíonn an chros chéasta de ghnáth.
Is dóigh go ndéanann sé seo tagairt don séipéal atá ainmnithe in ómós na Maighdine Muire ach tá codarsnacht ar leith le n-aireachtáil idir an suaimhneas agus compord a bhaineann leis an íomhá seo agus an fhulaingt agus an phian a bhaineann leis an gcros chéasta.
Áfach, ní shin le rá nach mbíonn dorchadas an tsaoil le feiceáil sna fuinneoga agus iad lasta le solas an lae. Thug mé faoi deara go mbíonn cruth cónra á dhéanamh ag Máire Mhaigdiléana lena láimhe agus an chuid dá gúna atá faoina huillinneacha!
Aisteach go leor, tá fuinneogaí daite a bhí deartha ag ealaíontóirí móra le rá le feiceáil ar dhá oileán eile atá suite amach ó iarchósta na hÉireann. Tá trí fhuinneog a dhear William Dowling - a d’oibrigh le Stiúideo Harry Clarke chomh maith- le fáil sa séipéal in Inis Bó Finne.
Ina theannta sin, tá fuinneogaí a bhí deartha ag Pollen agus Beatrice Elvery le feiceáil sa séipéal i dToraigh i gContae Dhún na nGall. (Tá léaráidí gleoite a tharraing Beatrice le feiceáil freisin sa leabhar Íosagán le Pádraig Mac Piarais ).
Deirtear nach mbíonn in aon rud ach seal. Tagann na sméara dubha agus imíonn siad chuile bhliain. Ach maireann an áilleacht agus an chaoi gur féidir leis dul i bhfeidhm orainn.