Le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, beidh Oíche Chultúir á ceiliúradh ag muintir na Gaeltachta Dé hAoine.
Seo a leanas na himeachtaí a bheidh ar siúl i nGaeltacht Chonamara agus Árann.
Ceol sa Choill: Beidh scoth na gceoltóirí agus bannaí cheoil ag seinnt agus beidh deis ag gach páiste amhrán traidisiúnta Gaeilge a fhoghlaim agus a chanadh. Áras an Phobail Chnoc na Cathrach, 5-7in.
Trad ar an gCéibh: Beidh ceoltóirí fostaithe don ócáid chun do chéilí agus taispeántais cheoil. Is féidir le duine ar bith a gcuid uirlisí ceoil féin a thabhairt leo chun páirt a ghlacadh i seisiún traidisiúnta freisin. Seanchéibh an Spidéil, 7-8:30in.
Ciseog Mhór Fataí: Ceardlann chócaireachta agus amhránaíochta chomhtháite do dhaoine óga. Réiteoidh na rannpháirtithe óga miasa séasúracha, agus cuirfidh siad míreanna ceoil agus na miasa i láthair na n-aíonna. Is dírithe ar ghasúir a bhfuil taithí dhá bhliain cheoil acu atá an t-imeacht seo. Pota Café, Baile na hAbhann, 4:30-6:30in.
Ceolchoirm na Mac Léinn: Beidh an ócáid seo ag díriú ar an bpobal i gcoitinne, go háirithe daoine óga a bhfuil súil acu aghaidh a thabhairt ar an tríú leibhéal amach anseo. Halla an Acadaimh, an Cheathrú Rua, 8-9:30in.
Ó Bhéal go Béal: Oíche amhránaíochta ar an sean-nós a dhéanfaidh ceiliúradh ar na hamhráin, na hamhránaithe agus na taifid a spreag glúin óg amhránaithe as Cois Fharraige. Faoi stiúir an amhránaí sean-nóis Síle Denvir, beidh amhránaithe óga áitiúla ag cur amhrán i láthair a bhfuil ceangal pearsanta acu leo, agus ag roinnt scéalta faoi na hamhránaithe agus na traidisiúin a mhúnlaigh a gcuid amhránaíochta féin. Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna ), Indreabhán, 8-9in.
Oíche Bhothántaíochta: Beidh an pobal ag siúl ó theach go teach, faoi na réaltaí, ag éisteacht le ceol, le scéalta, agus le seanchas ár gcomharsan. Beidh an pobal ina iomláine – iascairí, múinteoirí, ceoltóirí, agus ealaíontóirí araon – ag oscailt a ndoirse agus ag roinnt a gcuid saothar lena chéile. Teach Synge, Inis Meáin, 8-10in.