Géarcháineadh déanta ar scéim deontais do thithe folmha

Cuirfidh an scéim tuilleadh brú ar dhream óg na Gaeltachta mura gcuirtear coinníoll teanga leis - Bánú

Deir an grúpa feachtais tithíochta Bánú go bhfuil imní orthu go ndéanfaidh an scéim deontais do thithe folmha “níos mó dochair ná maitheasa” do chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht.

Reáchtáladh seisiún eolais i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, leis an bpobal a chur ar an eolas faoi dheontais atá le fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe folmha, oíche Dé Máirt.

Ag labhairt dó le Sobal tar éis an chruinniú, dúirt Donncha Ó hÉallaithe ó Bhánú go raibh faitíos air go dtabharfadh an scéim spreagadh do dhaoine ó thaobh amuigh den Ghaeltacht chun tithe a cheannach ann - rud a chuireadh tuilleadh brú ar an margadh tithíochta agus a ardódh praghsanna.

“D’fhéadfadh an scéim níos mó dochair ná maitheasa a dhéanamh i gceantair Ghaeltachta láidre ina mbeadh tóir ag daoine ar thithe,” a dúirt Ó hÉallaithe.

“Is léir ón méid a dúradh nach bhfuil an Chomhairle Chontae ag déanamh idirdhealú sna ceantair Ghaeltachta idir daoine gan Ghaeilge atá ag iarraidh úsáid a bhaint as an scéim seo agus daoine le Gaeilge."

“D’fhéadfadh sé deacrachtaí a chruthú ó thaobh na teanga de. Tá sé deacair ar dhaoine a bheadh spéis acub ceann de na seantithe folmha sin a cheannach agus a athchóiriú, dul san iomaíocht le daoine nach as an áit iad. Agus tá sé sin ag cur le praghas na dtithe seo.”

“Ceapaimse gur chóir go mbeadh breis airgid le fáil ag muintir na Gaeltachta ó Roinn na Gaeltachta má tá siad ag baint úsáide as an scéim seo.”

Faoin scéim, is féidir le húinéirí tí suas le €50,000 a fháil chun athchóiriú a dhéanamh ar theach folamh, agus is féidir suas le €20,000 sa bhreis a fháil más rud é nach bhfuil an teach slán ó thaobh an struchtúir de.

Is féidir le tithe folmha ar oileáin nach bhfuil ceangailte leis an mórthír le droichead nó tóchar níos mó maoiniú a fháil faoin scéim seo. Is féidir le húinéirí na dtithe seo suas le €60,000 a fháil, nó €84,000 má tá struchtúr an tí contúirteach.

Dúirt Bánú, gur cheart cosaintí speisialta a chur i bhfeidhm do dhaoine áitiúla as na hoileáin atá ag iarraidh tithe a cheannach ar imní go spreagfaidh an fhoráil seo éileamh ar leith do thithe ar oileáin.

Easpa forálacha don Ghaeltacht

I measc na gcainteoirí a bhí ag an gcruinniú i Seanscoil Sailearna, bhí Colm Mac Eachmharcaigh a ceapadh mar Chomhordaitheoir ar Thithe Folmha sa nGaeltacht níos túisce sa mbliain.

Ag labhairt dó le Sobal tar éis an chruinniú, dúirt Colm Mac Eachmharcaigh go raibh a phost níos deacra de bharr nach raibh forálacha speisialta ag an scéim don Ghaeltacht.

“Tá mo phost níos deacra de bharr nach bhfuil rud breise ann,” a dúirt sé.

“Is trua nach bhfuil deontas breise ar fáil do mhuintir na Gaeltachta nó do chainteoirí Gaeilge faoi láthair.”

“Ar ndóigh, tá sé tábhachtach go bhfuil níos mó tithe le fáil sna ceantair. Agus dá mbeadh, abair, 300 teach folamh ar ais in úsáid i gCois Fharraige, sin 300 teach nach raibh ann cúpla bliain ó shin.”

“Tuigim níl aon choinníoll [teanga] leis an deontas nó mar sin. D’fhéadfadh daoine gan Ghaeilge iad a cheannach, iad a athchóiriú agus bogadh isteach.”

“Ach don chuid is mó, an chaoi a bhfuil sé ag tarlú ná, b’fhéidir go bhfuil seanteach ag daoine agus b’fhéidir go bhfuil mac nó iníon an teaghlaigh sin ag déanamh athchóiriú ar sin.”

Ina theannta sin, dheimhnigh Mac Eachmharcaigh nach raibh Údarás na Gaeltachta tar éis é a chur ar an eolas faoin bplean tithíochta atá á dhréachtú acub, cé go bhfuil sé mar dhualgas ar an Údarás oibriú i gcomhar leis.

“Níl, tá post faoi leith agam. Tá mé fostaithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo. Bímse ag obair lámh le lámh leis an Údarás amantaí, ach níl mé ar an eolas faoi,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Eachmharcaigh freisin nach raibh “mórán céille” ag baint leis na treoirlínte pleanála molta a bhí foilsithe ag an rialtas i ndréacht a foilsíodh mí an Mheithimh.

“Sílim go mbeidh rudaí athraithe le sin. Bhí go leor rudaí nach raibh mórán céille leis sa ráiteas, i mo bharúil ar aon nós,” a dúirt sé.

I measc na gcainteoirí eile a bhí ag an gcruinniú, bhí Michelle Connellan, atá mar Oifigeach Tithe Folmha de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus Avril Ní Shearcaigh, atá mar mheantóir leis an SEAI.

Agus í labhairt ag an gcruinniú, dúirt Michelle Connellan gur thuig sí go raibh daoine den tuairim go raibh an deontas ag cur le harduithe ar phraghsanna tithe, ach gur thug sé spreagadh do dhaoine tithe nach bhfuil in úsáid a chur ar an margadh.

Dheimhnigh sí freisin nach raibh fáil ag údarás poiblí ar bith ar mheastachán nó staidéar chun an éifeacht a bhí ag an scéim ar an margadh tithíochta a mheas - bíodh sé sin sa nGaeltacht, i gContae na Gaillimhe, nó ar fud na tíre.

 

Page generated in 0.3917 seconds.