Líonra sóisialta nua

Sheol an comhlacht Talk Irish líonra sóisialta nua le linn Sheachtain na Gaeilge agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin.

Cuirtear ábhair fhoghlama Gaeilge ar fáil do gach leibhéal agus is é cuspóir an chomhlachta ná cainteoirí, múinteoirí, agus foghlaimeoirí ar fud na cruinne a chur i dteagmháil lena chéile. Is féidir cur le do scileanna teanga trí úsáid a bhaint as áiseanna agus cluichí chun cur le do stór focal.

Tá fóram plé agus caidrimh ann inar féidir fuaimeanna, doiciméad agus íomhánna a roinnt sna leabharlanna nó is féidir le baill ábhar dá gcuid féin a roinnt lena chéile.

Téigh go www.talkirish.com le haghaidh tuilleadh eolais.

 

Page generated in 0.3158 seconds.