Scoth na foilsitheoireachta le ceiliúradh sa Taibhdhearc

Má bhíonn mearbhall ort riamh agus tú ag roghnú leabhar Gaeilge sa siopa nó sa leabharlann, tá moladh agam duit. Is maith an treoraí iad na lógónna beaga ciorclacha a bhíonn le feiceáil ar chuid de na leabhair a thugann le fios go raibh an leabhar sin ainmnithe do, nó gur bhuaigh sé, Gradam Foilsitheoireachta an Oireachtais.

Tugann na gradaim - a reáchtáiltear i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge agus le tacaíocht le Love Leabhar Gaeilge - aitheantas do leabhair le hábhar maith, dearadh ealaíonta agus leagan amach snasta. Molann siad cruinneas agus saibhreas na Gaeilge agus cuimhníonn siad ar cé chomh tarraingteach agus atá an leabhar don mhargadh.

Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, “Tréaslaím a saothar leis na foilsitheoirí atá a dtabhairt chun an mhargaidh. Is léir cúram na huibhe a bheith tugtha den uile shaothar ag gach aon chéim, ón eagarthóireacht phointeáilte, an leagan amach ealaíonta agus an cur i láthair snasta – leabhair áille Gaeilge chun léitheoirí nua a mhealladh."

Tá gearrliosta curtha le chéile do trí chatagóir; Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhair don Léitheoir Fásta ), Gradam Réics Carló (Leabhair don Léitheoir Óg ), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhair aistrithe go Gaeilge ó theanga eile ). Bronntar duaischiste de €17,000 ar fhoilsitheoirí agus údair na leabhar a bhuann sna trí chatagóir sin ag ócáid bhronnta in Amharclann na Taibhdheirce, ar an 30ú Meán Fómhair.

I mbliana tá 19 leabhar ainmnithe ó 10 dteach foilsitheoireachta. San áireamh ansin tá na tithe foilsitheoireachta atá lonnaithe i nGaillimh: Cló Iar-Chonnacht, Leabhar Breac, Futa Fata agus Barzaz (inphrionta de chuid Futa Fata ).

Is iad na leabhair atá ainmnithe ná:

Gradam Uí Shúilleabháin

Scéal Muirí Mhuigh Eo le Breandán Mac Conamhna, foilsithe ag Mayo Book Press.

Mainistir Na Feola le Laoighseach Ní Choistealbha, foilsithe ag Barzaz.

Maith Thú A Mhicí le Micí Sheáin Néill Ó Baoill, foilsithe ag Éabhlóid.

Gearóid Willie Ó Fátharta: Mo Scéal Féin le Gearóid Willie Ó Fátharta, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Tom A’ Bhungaló: Tomás Mac Giolla Bhríghde, 1923-2013 le Noel Ó Gallchóir, féinfhoilsithe.

An Cláirseoir le Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac.

Leabhar Sheáin Na Cille le Seaghan Mac an tSionnaigh, foilsithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Gradam Réics Carló

Katie Agus An Pacáiste Rúnda le hÉadaoin Ní Dhomhnaill, foilsithe ag LeabhairCOMHAR.

An Seol Atá Fút le Annemarie Nugent, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Inis Mara 3 le Tristan Rosenstock agus maisithe ag Mark Wickham, foilsithe ag LeabhairCOMHAR.

Puisín Na mBróg le Fearghas Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy Donnelly, foilsithe ag Futa Fata.

Na Bróga Peile Agus Scéalta Eile le Seosamh Céitinn, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Gradam de Bhaldraithe

Heartstopper 3 le Alice Oseman agus aistrithe ag Eoin McEvoy, foilsithe ag Futa Fata.

Lúiscín: An Caitín Is Craiceáilte Ar Domhan le Jamie Smart agus aistrithe ag Fearghas Mac Lochlainn, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

An Saol Sona le David Foenkinos agus aistrithe ag Máirín Ní Mhárta, foilsithe ag Barzaz.

Lia! 1: An Dialann Rúnda le Julien Neel agus aistrithe ag Meadhbh Ní Eadhra, foilsithe ag Dalen Éireann.

Gruaig Áine le hEoin Colfer agus aistrithe ag Sadhbh Devlin, foilsithe ag Futa Fata.

Scairt Na Samhna: Áine Sa Neidín le Hazel Mulqueen agus aistrithe ag Ciara Begley, foilsithe ag JM Agency, Publishing & Design.

Lúcás Lúfar: Jesse James, Ropaire le Moris & Goscinny agus aistrithe ag Antain Mac Lochlainn, foilsithe ag Dalen Éireann.

 

Page generated in 0.2022 seconds.