Gaeltacht civil rights talk for Seachtain na Gaeilge

Cumann Seandálaíochta agus Staire na Gaillimhe

Donncha Ó nÉallaithe

Donncha Ó nÉallaithe

Tá Cumann Seandálaíochta agus Staire na Gaillimhe ag eagrú léachta poiblí speisialta do Sheachtain na Gaeilge.

Is é ábhar na léachta nó Stair na bhFeachtas ar son Cearta Sibhialta sa Ghaeltacht, agus is é Donncha Ó hÉallaithe an cainteoir. Beidh an léacht ar siúl san Harbour Hotel, Gaillimh, ag 8 i.n. Dé Luain 16ú Márta.

Is as Tiobraid Árann ó dhúchas é Donncha Ó hÉallaithe, ach tá cónaí air le ós cionn 50 bliain i gCois Fharraige, Conamara. Chaith sé blianta ag múineadh Matamaite sa GMIT. Bhí baint aige sna 1970aí le Gluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta agus leis an bhfeachtas chun Údarás na Gaeltachta a fháil bunaithe.

Ina dhiaidh sin bhí sé ar dhuine den mheitheal, faoi stiúr Bob Quinn, a chuir Teilifís na Gaeltachta ar an aer, agcraoladh go bradach ó Ros Muc i 1987 as a d’eascair TnaG/ TG4 i 1996. Is iomaí alt staire atá scríofa aige thar na blianta.

Chomh maith le sintá altanna anailíse scríofa aige faoin meath atá ag teacht ar an nGaeilge mar theanga bheo phobail, bunaithe ar na torthaí daonáireamh faoiusáid na Gaeilge ar bhonn laethúil sna pobail Ghaeltachta.

Tuilleadh eolais ag www.gahs.ie

 

Page generated in 0.1110 seconds.