‘Thar am’ ag Enda Kenny athmhacnamh a dhéanamh ar a pholasaí don Ghaeilge - Calleary

Tá sé thar am ag Enda Kenny éisteacht le na saineolaithe agus an pobal agus athmhacnamh a dhéanamh ar a pholasaí míthuisceanach maidir le deireadh a chur le múineadh na Gaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist, dar le urlabhraí Fiontraíochta, Fostaíochta agus Nuálaíochta Fhianna Fáil, Dara Calleary.

“Titim tubaisteach ar líon na ndaoine a dhéanann staidéar ar theangacha anbhíonn mar thoradh ar iad a dhéanamh roghnach. Dhéanfadh aon iarracht deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge san Ardteist dochar mór do stádas na Gaeilge go náisiúnta agus sa Ghaeltacht.

“Ní raibh daoine riamh chomh dearfach faoin nGaeilge is atá i láthair na huaire. Caithfear tógáil ar an dea-thoil sin agus athruithe a chur i bhfeidhm ar an slí a mhúintear an Ghaeilge agus an slí a chuirtear an Ghaeilge chun cinn mar atá leagtha amach in ár Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

“Céim ar gcúl a bheadh in aon iarracht baint de stádas na Gaeilge sa chóras oideachais. Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge i gcroílár an oideachais a chuirtear ar fáil do dhaoine óga.

“Anseo i Maigh Eo, bheadh impleachtaí ar athrú stádas na Gaeilge don Ard teist do inmharthanacht na gColáistí Samhraidh ata chomh tábhachtach sin do gheilleagar na Gaeltachta agus fás na teanga.”

 

Page generated in 0.0670 seconds.