Lá mór i bPáirc an Chrócaigh

GAA: Cluiche Ceannais Peile Sinsear na hÉireann

An é seo an bhliain? Aistear fada, lán le misneach, fiú amháin ar na laethanta pianmhar. Is minic go raibh Maigh Eo beagnach ar bharr an gcnoic.

Anois tá deis acu. Seans mór ach suas an bóthar tá smaointe céanna I dTír Eoghain. B'fhéidir sin an fáth go bhfuil an méid sin suim sa gceann seo. Níl Baile Átha Cliath nó Ciarraí san iomaíocht tar éis dhá chluiche leath ceannais drámatúil.

Tá fir glas agus dearg fós ag seasamh. Tír Eoghain freisin. Samhradh fada le deacrachtaí ach ar an Satharn beidh gach rud ag brath ar 70 nóiméad i gCeann Áras. Súile na tíre ag breathnú isteach. Cibé rud a tharlaíonn beidh réiteach ar an gceist.

Ó 2011 nuair a tháining James Horan ar an bhfód tá rud éigin difriúil faoi Maigh Eo. Cinnte bhí an t-ádh orthu an chéad lá amach sa Craobh i Ruislip. Is beag nár chaill Maigh Eo ach d'fhloghaim siad a lán ceachtanna i Londain taobh istigh de chúpla uair a chloig.

Faoi stiúr Horan bhí Maigh Eo i mbarr a mhaitheasa ar feadh tréimshe fada an taobh seo tíre. Ní raibh aon fhoireann i gCúige Connachta in ann dóibh ar feadh tamall fada.

Bhí laeathanta maithe acu i bPáirc an Chrócaigh freisin, ach theip orthu i mí Mean Fómhair. Nuair a dhfág Horan an stáitse bhí deiseanna ag Maigh Eo i ré Noel Conneely agus Pat Holmes i gcoinne leads na hard cathrach i 2015 i gcluiche leath ceannais. Beagnach ann.

Ansin tháining Stephen Rochford isteach. Bhí smaointe maithe aige, agus rinne sé iarracht ollmhór. Bhí brat gorm Baile Átha Cliath ann ag an am. Mí-adh mór ar Maigh Eo i 2016 agus 2017 tar éis cúpla bliain fíor-shuimiúl.

Tháinig Horan ar ais. Tá painéil nua curtha le chéile aige anois. Laochra móra imithe Keith Higgins, Chris Barrett, Tom Parsons, Donal Vaughan, Seamie O'Shea, agus Andy Moran ina measc.

Casann an roth, le 18 mí anuas tá dul chun cinn déanta ag Oisín Mullin, Eoghan McLaughlin, Ryan O'Donoghue, agus an naoscaire Tommy Conroy. In aice le taithí agus talúin leitheidí Lee Keegan, Paddy Durcan, Stephen Coen, Aidan O'Shea, agus Kevin McLoughlin ciallaíonn sé go bhfuil roghanna ag Horan.

Tá panéil láidir acu - is mór an rud é sin. Is fada an turas é - 1989, 1996, 1997, 2004, 2006, 2012, 2013, 2016, 2017, 2020 - ach tá dóchas agus muinín fós ag Maigh Eo. Tá imreoirí agus paisean san áireamh freisin. An mbeidh corn Sam Mhic Uidhir acu ar Ardán Uí Ógáin óiche Satharn?

 

Page generated in 0.0784 seconds.